Ceardlann na MúinteoirÍ
18 – 19 Feabhra 2018
Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus beidh Ceardlann na Múinteoirí 2018 ar 18 – 19 Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh Rachael Nic Pháidín mar stiúrthóir againn, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright.
Bhain Rachael a Baitsiléir Ealaíon Idirnáisiúnta sa Cheol agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Baile Ãtha Cliath agus Ollscoil British Columbia i 2008. Thosaigh sí ag obair mar mhúinteoir Ghaeilge i nGaillimh ansin agus d’fhan sí ann ar feadh 5 bliana. Tar éis bliain amháin a chaith sí i gCeanada mar chinnire grúpa, chuaigh sí ar ais go hÉireann agus lean sí ag múineadh na Gaeilge arís. I 2017 bhain Rachael a Máistreacht san Oideachas Speisialta amach ón Ollscoil Chathair Bhaile Ãtha Cliath fad a bhí sí ag múineadh na Gaeilge ag an am céanna.
Is múinteoir piano freisin í agus baineann Rachael taitneamh as seoltóireact, sciáil, snámh, rothaíocht, rith agus taisteal chomh maith.
Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil i SIOPA Dhaltaí tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/