Ceardlann na Múinteoirí – Dé Sathairn, 13 Feabhra 2021

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Ceardlann na Múinteoirí – Dé Sathairn, 13 Feabhra 2021

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #37145
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Ceardlann na Múinteoirí

    Dé Sathairn,

    13 Feabhra 2021

    Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceardlann na Múinteoirí 2021 á reáchtáil againn ar Zoom Dé Sathairn, an 13ú Feabhra. Bhí Bernard Ó Cathmhaoil mar stiúrthóir againn anuraidh, agus bhain ‘chuile dhuine an sult go deo as a chur i láthair. Tá sceitimíní orainn go mbeidh Bernard linn aríst i mbliana, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright in Éirinn.

    Bhain Bernard a Dhioplóma Iarchéime sa Bhunoideachas ó Choláiste Phádraig, Baile Átha Cliath i 2010. Tá sé ag múineadh riamh ó shin. Is duine ard-líofacht sa Ghaeilge agus ard-chumas i dteagasc trí mheán na Gaeilge é. Anois, tá sé ina cheathrú bliain ag teagasc i mbunscoil lán-Ghaeilge i gCo. Mhuineacháin. Tá an-suim aige sa timpeallacht agus is breá leis an comhshaol áitiúil nádúrtha a úsáid go minic ina chuid teagaisc.

    Baineann Bernard taitneamh as a bheith ag éisteacht le is ag seinm ceoil traidisiúnta. Agus tá ról ceannaireachta aige i gclub óige a feidhmíonn trí mheán na Gaeilge chomh maith.

    Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá líon na bhfreastalaithe teoranta ar 50 duine. Níl an costas ach $25.

    Tá an Cheardlann seo oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge (agus do mhúinteoirí féideartha); agus beidh na seisiúin trí Ghaeilge amháin. Beidh dhá sheisiún ranga ar siúl ar aon lá amháin: an chéad rang ó 9:00 go 11:00 ar maidin agus an dara seisiún ó 1:00 – 3:00. Beidh an seomra Zoom ar oscailt ar 8:30 ar maidin i gcomhair comhrá neamhfhoirmiúil. Má tá ceist teicniúil agat, beidh Donncha Ó Coinn ar fáil roimh an Cheardlann le cuidiú a thabhairt duit. Beidh deis agat teagmháil a dhéanamh le Donncha thar éis clárú.

    I mbliana amháin, caithfidh tú clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. De bhrí go mbeidh an Cheardlann go hiomlán ar líne, ní bheidh cuirí seolta tríd an bpost. Tá Faisnéis Ghinearálta agus Foirm Chláraithe le fáil i Siopa Dhaltaí tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/

    #46541
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Ceardlann na Múinteoirí 2021

    Ná déanaigí dearmad go mbeidh Ceardlann na Múinteoirí ar Zoom roimh i bhfad – Dé Sathairn 13 Feabhra.

    I mbliana amháin, caithfidh tú clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon.
    De bhrí go mbeidh an Cheardlann go hiomlán ar líne, ní bheidh cuirí seolta tríd an bpost.
    Tá Faisnéis Ghinearálta agus Foirm Chláraithe le fáil i Siopa Dhaltaí, nó tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.