Ceist Ghasta

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • Author
    Posts
  • #36669
    Seáiní
    Participant

    Cuirfear fáilte roimh aon chomairle!

    Tá na rudaí seo agam:
    Tá mé ag iarraidh oibre (ginideach)
    Tá mé ag iarraidh obair a dhéanamh (gan ginideach)

    ach cad é faoi seo

    Tá mé ag iarraidh obair a bheidh furasta

    Tá mé ag iarraidh oibre a bheidh furasta (sílim seo)

    Cé acu atá i gceart a chairde?
    An ndéanann ‘atá, a bheidh, a bheadh srl’ difear?

    #44916
    Cúnla
    Participant

    Ní théann infhilleadh an ghinidigh ar ainmfhocal a thagas i ndiaidh ainm bhriathartha ach amháin nuair is é féin is cuspóir don ainm briathartha.

    Céard atá tú a iarraidh? Tá mé ag iarraidh [na déirce].

    “What are you seeking? I am seeking [alms].”

    Céard atá tú ag iarraidh a dhéanamh? Tá mé ag iarraidh [an déirc a dhéanamh].

    “What are you seeking to do? I am seeking [to give alms].”

    (Ach cuirtear focal mar sin sa nginideach i gcanúintí áirithe, go mórmhór i nGaeilge na Mumhan…)

    #44917
    Seáiní
    Participant

    Grma a chara

    Tá a fhios sin agam ach tá mé ag iarraidh bheith cinnte go ritheann ciall leis an abairt dheireanach.

    An bhfuil ceart agam a rá :

    Tá mé ag iarraidh oibre a bheidh fuarasta ( I am seeking work that will be easy)
    V S VN O Dir Rel Adj

    An í ‘obair’ an cuspóir go fóill sa chás seo? Sílim gurb í ach bím i gcónaí a chur ceisteanna orm féin.

    #44918
    Cúnla
    Participant

    ’Mo leithscéal a chomrádaí. Ní chuirfí sa nginideach ansin é, agus sén fáth é sin nach gcuirtear ainmfhocal éiginnte a thagas i ndiaidh ainm bhriathartha sa nginideach nuair atá sé cáilithe, .i. nuair atá aidiacht nó clásal coibhneasta á cháiliú.

    Tá mé ag cur [airgid] air.

    “I’m betting money on it.”

    Tá mé ag cur [airgead mór] air.

    “I’m betting big money on it.”

    Tá mé ag cur [airgead nach bhfuil agam] air.

    “I’m betting money that I don’t have on it.”

    #44919
    Seáiní
    Participant

    Ah bhí a fhios agam go raibh fáth nach raibh mé sásta leis sin.

    Mar sin, feidhmíonn Clásal coibhneasta mar cháilitheoir (mar a gcéanna le haidiacht srl)

    Is í ‘obair’ an cuspóir, ach tá sí cáilithe

    Msh

    Tá mé ag iarraidh oibre
    Tá mé ag iarraidh obair a dhéanamh

    Tá mé ag iarraidh obair fuarasta
    Tá mé ag iarraidh obair a bheas furasta

    Go raibh céad míle maith agat as do chuidiú, tá sin rí-chuidiúil liom.

    Abair liom, an cáilíonn rud ar bith eile ainmfhocail? (chomh maith le Clásail coibhneasta agus haidiachtaí)

    nó an bhfuil a fhios agat áit a bhfaighinn nótaí maithe ar cháilíocht? ar líne etc

    #44920
    Cúnla
    Participant

    An réimír threise ⟨an-⟩, cuir i gcás, agus ⟨ar bith⟩:

    Tá sé ag déanamh an-toirnéis.

    “He’s making a huge commotion.”

    Ní raibh mé ag fáil airgead ar bith.

    “I wasn’t getting any money.”

    D’fhéadfá breathnú ar an gcuid deiridh den Chaighdeán Oifigiúil (faoin gceannteideal “Foirm an Ainmnigh in Ionad an Ghinidigh”)?

    #44921
    Seáiní
    Participant

    Go raibh míle!

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.