Ceistín achrannach fén nginideach

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Ceistín achrannach fén nginideach

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #36611
    Uairibh
    Participant

    Bail ó Dia oraibh.

    Tá mé i mbun máistreachta sa Ghaeilge fé láthair agus d’fhoghlaim mé rud spéisiúil fén nginideach sa rang aistriúcháin ‘s agam le deireanas. Tá mearbhall orm fé, ámh.

    Shíl mé i dtólamh gur lean an ginideach an t-ainm briathartha ach ní i gcónaí go mbítear mar a shíltear, áfach.

    D’iarr an léachtóir orm an méid seo a leanas a aistriú sa rang an tseachtain seo a d’imigh tharainn:

    ‘She is studying books’

    D’iarr sé orm an t-ainm briathartha a úsáid agus mé ag aistriú na habairte.

    ‘Tá sí ag staidéar leabhar’ an méid a dúrt leis óir shíl mé go mbeadh an focal ‘leabhair’ sa ghinideach iolra toisc ‘ag staidéar’ a bheith roimhe.

    Dúirt an léachtóir liom ná bíonn an ginideach i gceist ach nuair atá an t-alt san abairt. Cuirim i gcás ‘tá sí ag staidéar na leabhar’ abair. Ach ‘tá sí ag staidéar leabhair’ atá ceart ó thaobh na gramadaí.

    Tá an méid seo rúinín beag achrannach, ámh. Tá scata ainmfhocal sa Ghaeilge ar ionann iad ginideach uatha agus ainmneach iolra na n-ainmfhocal. Tóg mar shampla an sampla seo a leanas:

    ‘Tá sé ag tógail báid’ (ar ndóigh ‘ag tógáil na mbád’ an ginideach iolra ar an ábhar go bhfuil an t-alt san abairt)

    An ‘he is building boats’ nó ‘he is building a boat’ atá i gceist?

    ‘Tá sé a’ léamh leabhair’. ‘He is reading a book’ nó ‘he is reading books’ as Béarla?

    Bheinn fé chomaoin ag éinne ach an méid seo a shoiléiriú dom.

    Go raibh maith agaibh.

    #44605
    Hugo
    Participant

    Aontaím leat. De réir na rialacha bíonn an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach, bíodh sé ina ainmfhocal éiginnte nó ina ainmfhocal cinnte. Is cuma an t-alt ann nó as.

    Cá bhfuair an léachtóir an “riail” sin?

    (Éisceacht -mar is eol do chách: úsáidtear an t-ainmneach in ionad an ghinidigh nuair is ainmfhocal éiginnte cailíthe atá i gceist.).

    #44607
    Onuvanja
    Participant

    Go minic, is ionann an t-ainmneach uatha agus an ginideach iolra (leabhar – leabhar). Dhá bharr sin, luíonn sé le réasún ar bhealach go dteastaíonn foirmeacha éagsúla lena chur in iúl an leabhar amháin atá i gceist nó níos mó ná sin. Ach níl ann ach buille faoi thuairim.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.