Cén aois thú? Aimsir chaite Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › Cén aois thú? Aimsir chaite This topic has 4 replies, 1 voice, and was last updated 9 years, 6 months ago by Cúnla. Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total) Author Posts March 14, 2014 at 9:31 pm #36702 SeáiníParticipant A chairde Cuidiú de dhíth Fiafraíodh díom ar na mallaibh , cad é an aimsir chaite don cheist choitianta ‘Cén aois thú/nó Cá haois thú’. Caithfidh mé a rá go raibh mé buailte ag an cheist! Ceist nár chuir mé ar dhuine eile nó ormsa féin fiú, más buan mo chuimhne! An dtiocfadh libh seo a réiteach fá mo choinne? Grma March 14, 2014 at 10:04 pm #45087 CúnlaParticipant Tá cupla leagan ann, .i. “cén aois a bhí tú?” nó “cén aois a bhí agat?” March 15, 2014 at 12:14 am #45090 LabhrásParticipant Cén aois thú? is a shortened version of Cén aois atá tú? So past tense: atá -> a bhí March 15, 2014 at 8:33 pm #45091 LughaidhParticipant Má chuireann tú cá ins an aimsir chaite, faghann tú cárbh agus cé > cérbh:cárbh aois thú?cérbh aois thú? (sin Conamara, dar liom, úsáideann siad “cé” in áit “cá” i gcónaí) March 15, 2014 at 8:41 pm #45092 CúnlaParticipant Tá “cárbh aois é?” ag Ó Dónaill (i nGaeilge Uladh, is dóigh?): http://breis.focloir.ie/en/fgb/cá Ach ní cuimhneach liom go gcuala mé “cérbh aois thú?” i gConamara ariamh… “Cén aois a bhí tú?” nó “cén aois a bhí agat?” adéarfá. Author Posts Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total) You must be logged in to reply to this topic. Log In Username: Password: Keep me signed in Log In