Fáilte (Welcome) › Forums › Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) › Cleachtas
- This topic has 15 replies, 1 voice, and was last updated 11 years, 6 months ago by
Maitiú78.
-
AuthorPosts
-
October 29, 2011 at 5:24 pm #36014
Séril Báicéir
ParticipantDia duit! Séril Nic Ãindriús is ainm dom. Táim i mo chónaí i gCarolina Theas sa Stáit Aontaithe. Tá mo fhear céile agus mé in ár gcónaí i dteach beag, ach is maith linn é. Tá ár dteach bán. Tá tri seomraí codlata, cistin mór amháin, agus seomra suí beag ag an teach. Níl páistí againn. Tá trí cat agus ceithre frog crainn agam. Salem, Sweeny, agus Lovey is ainm do mo chait. Tá Salem cat dubh, tá Sweeny cat liath agus bán, agus tá Lovey cat liath rua agus bán. Tá trí frog glasa agus tá frog amháin donn.Emerald, Yoda, Hamlet, agus Peatrie is ainm dóibh. Tá madra ag mo fhear céile. Bo is ainm do. Tá sé madra bán agus dubh. Is Pitbull é ach tá sé madra deas. An bhfuil peataí agaibh? Cad dathanna atá orthu? Cad is ainm dóibh? Is maith liom gúnaí agus geansaithe á chaitheamh agam ach go hannamh, ach is maith liom t-léine agus jíons (bríste géine) á chaitheamh agam go minic. Is rúnaí mé agus oibrim ar maidin agus san iarnóin. Cathain oibreann sibh? Cá n-oibreann sibh? Tá ag obair anois ach tá leadrán orm. Conas atá sibh?
An scríobhaim é seo ceart?
Go raibh maith agaibh!
October 29, 2011 at 8:05 pm #40054Wee_Falorie_Man
ParticipantDia is Muire dhuit, a Shéril! Conas tánn tú inniubh? Ramón is ainm dom. Is as Nua Mheicsiceo mé agus tá cónaí orm in Alburquerque. Táim ag foghlaim na Gaolainne ach níl mórán Gaoluinne agam fós. Tá gadhar agam – Biddy is ainm di. Fiachú is ea í. Níl aon peata eile agam ach is maith liom ainmhithe. Bhuel, sin a bhfuil agam, a chara – Slán 🙂
November 8, 2011 at 6:54 pm #40120Séril Báicéir
ParticipantGo raibh maith agat, a Wee_Falorie_Man! Táim go breá inniu.
Cad é “Gaolainne” agus “Gaoluinn”? An bhfuil “fiachú” cosúil le “cú”?
Is deas liom bualadh leat!
November 8, 2011 at 7:57 pm #40121Wee_Falorie_Man
ParticipantGaolainn/Gaelainn (Gaolainn na Mumhan) = Gaeilge (Gaeilge Chonnacht agus An Caighdeán Oifigiúil)
Táim ag foghlaim Gaolainn na Mumhan.
Gaolainn (ainmneach)
Gaolainne (ginideach)fiachú – cú a seilgeann fianna
November 8, 2011 at 8:01 pm #40122Wee_Falorie_Man
ParticipantIs deas liom bualadh leatsa 🙂
November 8, 2011 at 10:09 pm #40123Séril Báicéir
ParticipantAh… Tuigim!
Go raibh maith agat!
November 13, 2011 at 9:43 pm #40167jaygon
ParticipantDia Daoibh!
Seán is ainm dom. Rugadh i bPort Láirge (i ndeisceart na hÉireann) mé ach táim i mo chónaí i mBaile Átha Cliath le 10 mbliana anuas.
Is múinteoir meánscoile mé agus tá an Ghaeilge agus an Fhraincis á muineadh agam.
Ní as an nGaeltacht dom/mé ach tá gaeilge mhaith agam…..bhuel….toisc gur chuir mé ceisteanna gramadaí oraibh ar an suíomh seo cheana is léir nár saineolaí amach is amach mé ó thaobh na gramadaí de…..i ndáiríre… tá mo chuid gaeilge go hainnis!
Nílim ach ag magadh fúthú….Tá céim agam sa Ghaeilge agus tá liofacht na teangan ar fad agam.
Is aoibhinn liom staideár níos doimhne a dhéanamh ar an teanga féin (go hairithe na canúintí éagsúla) agus bím ag ceistiú na teanga i gcónaí.
January 2, 2012 at 11:46 am #40467Magh Ithe
ParticipantDia daoibh.
Tomás an t-ainm atá orm. Is as Albain mé. Rugadh agus tógadh mé i nGlaschú. Tá mé i mo chónaí i nGlaschú go fóill.
Tá mé trí bliana is tríocha d’aois. Tá tríur i mo theaghlach, míse agus mo thuismitheorí.
Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge mar is as Eirinn mo sheanthuismitheorí. Níl mórán agam anois ach ba mhaith liom a bheith líofa.January 2, 2012 at 2:08 pm #40469aonghus
ParticipantFáilte isteach.
Cá bhfuair tú d’ainm cleite?
January 5, 2012 at 12:43 pm #40485Magh Ithe
ParticipantGo raibh maith agat, a Aonghuis.
Tá bron orm ach níl go leor Gaeilge agam…….. b’fhéidir as Béarla? 🙂January 5, 2012 at 1:29 pm #40486aonghus
ParticipantSeo an taobh Gaeilge amháin!
ainm cleite – is é “Magh Ithe” d’ainm cleite.
January 5, 2012 at 4:40 pm #40487Magh Ithe
ParticipantThuigim, ach níl a fhios an freagra agam as Gaeilge. :-S
February 10, 2012 at 10:24 pm #40789Ua_Buadhaigh
ParticipantDia daoibh.
Tomás an t-ainm atá orm. Is as Albain mé. Rugadh agus tógadh mé i nGlaschú. Tá mé i mo chónaí i nGlaschú go fóill.
Tá mé trí bliana is tríocha d’aois. Tá tríur i mo theaghlach, míse agus mo thuismitheorí.
Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge mar is as Eirinn mo sheanthuismitheorí. Níl mórán agam anois ach ba mhaith liom a bheith líofa.Cad é mar atá tú, a Thomáis?
Níor mhaith liom a chur éad ort, ach tá mé ag dul chuig cúrsa i nDoire amárach agus tráthnóna Dé Domhnaigh. 🙂
Seán
February 11, 2012 at 5:37 pm #40793Magh Ithe
ParticipantA Sheáin, tá iontas orm gur tá tú anseo. Maith an fear!
Níl caill orm, go raibh maith agat. Agus tusa?Ta éad orm fosta, bí cinnte de.
Ar bhain tú sult as? 🙂February 16, 2012 at 11:12 pm #40832Ua_Buadhaigh
ParticipantBhain, agus tchím go bhfuil do chuid Ghaeilge ag éírí níos fearr. Maith thú!
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.