Cluas ghéar á lorg arís

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Cluas ghéar á lorg arís

Viewing 2 posts - 16 through 17 (of 17 total)
  • Author
    Posts
  • #45251
    Héilics Órbhuí
    Participant

    “Ach tá an Gaiscíoch ceangailte don chrann sa Domhan Thiar. Mar sin, ní féidir leis an tua dhraoíchta a fháil de cholbh mo leapa. An tua sin a leagas an crann. Má tharlaíonn sin, ligfidh an crann béic as a chloineas mise. Leimfidh an lacha amach as an gcrann. Ní féidir ach le hainmhí amháín an lacha sin a cheapadh – seabhac na haille uaine. Má tharlaíonn sin, scaoilfidh an lacha an ubh uaithi síos go tóin an locha, sin thíos (?). Ní féidir ach le hainmhí amháín an ubh seo a aimsiú – madra uisce an phoill ghoirm. Sin déanta, caithfear mise a bhualadh faoin sciathán chlé. Sin rud nach dtarlóidh choíche. Sin as an ___ cinnte” ar sé i nguth grágach garbh agus sciúird sé leis i gcoill.

    Caibidil 6

    Le himeacht an Chrochaire ar maidin, tháinig an Gaiscíoch isteach agus d’inis an Banphrionsa an scéal dó faoin áit ina raibh anam an Chrochaire. D’imigh an Gaiscíoch i ___ a fuair sé spád. Thochail sé faoi cholbh na leapa . D’aimsigh sé an tua. Rug sé ar an tua agus amach leis. Bhuail sé ar an gcrann agus scoilt sé é. “Vác, vác” a scread an lacha agus ar shiúl léi san aer. Ghlaoigh an Gaiscíoch ar sheabhac na haille uaine. Tháinig sé i bhfaiteadh na súl agus greim aige ar chúl na lachan. Scaoil an lacha ubh uaithi síos isteach sa loch. Ghlaoigh an Gaiscíoch ar an madra uisce. Tháinig sé agus an ubh ina bhéal aige. Chuala an Crochaire béic an chrainn agus vác vác na lachan agus tháinig sé ag cur splancanna de tintrí uaidh. Anois, buille deireanach leis. “Aimsigh faoin sciathán clé” arsa an Banphrionsa. Theilg an Gaiscíoch an ubh leis. Bhuail sé an Crochaire suarach faoin sciathán clé. Thit sé ina chnapán. _____ d’imigh an draíocht den mhadra uisce agus den seabhac. Briseadh faoi dheireadh ar na geasa. Ba dhearthár agus deirfiúr d’iníon an Rí iad, an bheirt a bhí caillte gan táisc ná tuairisc le fiche bliain. ___ síos go bruach na farraige agus bhí long ceangailte ansin ag an gCrochaire. Bhí ___ agus mionán ag fás ar an long mar nár tógadh amach le blianta í. Scaoil an Gaiscíoch a cuid táblaí (?) agus léim an triúr eile isteach. Bhuail an Gaiscíoch cic uirthi agus leis an gcic, chuir sé____ i bhfarraige í. Bhí lupadán lapadán míolta, rónta agus scadán na farraige ag teacht ar ___ agus ar ___ agus ar bharrchuaille na loinge ag déanamh ceoil. Níor fhág an Gaiscíoch cábla gan síneadh, téad gan tarraingt, __ gan folú, ná farraige gan ramhaíocht gur tháinig siad isteach go cuan an Rí. B’in an áit a raibh an fháilte rompu ag an Rí. Pósadh Gaiscíoch na Beilte Uaine agus an Banphrionsa. Chuir an Rí cuireadh amach don mhéid daoine uaisle a bhí ann agus an mhéid bocht agus nocht a bhi ann. Bhí bainis naoi lá agus naoi n-oíche acu. Mhair siad uile go sona sásta as sin amach.

    A chara, sin deireadh mo scéil.

    #45252
    Héilics Órbhuí
    Participant

    There are a few recurring words which give me trouble each time: the word he uses when he returns each time with heads I think might be “trian”, i.e. “Sin dhá thrian d’iníne agam (?)”, meaning he has earned 2/3 of the daughter’s marriage?

    Likewise, I’m not sure if I have “Crochaire” right. It is in De Bhaldraithe as both “hanger” (unlikely) and “scoundrel”. Ó Donaill has “cnuchaire”, which means humped person, and would likely be pronounced the same way by certain speakers. I’m not sure which one seems more plausible. “Slamaire” is my best guess at the rest of his name, but what the whole name is supposed to imply is a bit lost on me.

Viewing 2 posts - 16 through 17 (of 17 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.