Comhad fuaime, Corca Dhuibhne

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Comhad fuaime, Corca Dhuibhne

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #36636
    Seosamh Mac Muirí
    Participant

    Mar eolas, comhad fuaime aneas anseo: http://www.beo.ie/alt-dara-o-cinneide.aspx

    #44793
    Heather
    Participant

    A Sheosaimh, nil baint ar bith ag seo leis an eolas a sheol tú ach tá mé i bponc agus mé ag iarraidh aistriúcháin ar an gceist seo thíos muna mhiste leat.
    ” How would you address the needs of pupils of varying abilities in a multigrade setting?”

    #44795
    Seosamh Mac Muirí
    Participant

    “How would you address the needs of pupils of varying abilities in a multigrade setting?”
    Tá cuma cheist agallaimh do phost meánscoile ar an abairt a Heather agus ní múinteoir meánscoile mé ach tabharfaidh mé faoi. Is dócha go bhfuil téarma ‘ilghrád’ agaibh ach ar son na simplíochta:

    1. Conas a dhéanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais atá ar ghrádanna éagsúla?

    2. Conas a láimhseálfá riachtanais daltaí atá ilchumasach agus atá ar ghrádanna éagsúla?

    Ar son na simplíochta:

    3. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair go bhfuil na daltaí seo ar ghrádanna éagsúla?

    4. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair gur daltaí iad atá ar ghrádanna éagsúla?

    (Is beag liom an focal ‘suíomh’ ach más maith leat féin é, bain feidhm as. Is focal coitianta ‘nua’-Ghaeilge é agus tuigfidh an t-iarratasóir láithreach é.)

    5. Conas a dhéanfá freastal ar ….
    Cén chaoi a ndéanfá freastal ….
    Cén freastal a dhéanfá ar
    Cén cineál freastail a dhéanfá

    6. Conas a dtabharfá faoi fhreastal ar riachtanais

    Go n-éirí sin leat is libh.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.