COMHRÁ ’23- ar an idirlíon

Fáilte (Welcome) Forums Announcements COMHRÁ ’23- ar an idirlíon

Tagged: 

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #50278
    seanruadh
    Participant

    á áthas orainn fógairt go mbeidh Comhrá 2023 ar ais i mbliana, don deichiú bhliain as a chéile agus go mbeidh sé ag titim amach idir an 9ú Deireadh Fómhair agus 12ú Deireadh Fómhair 2023.

    Chuir Conradh na Gaeilge tús le ‘Comhrá’ sa bhliain 2013. Bhí sé ina curiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá leanúnach ar líne, áit ar baineadh 168 uair a chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Le Comhrá 22, an sprioc a bhí ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Ghaeilge timpeall an domhain a bhaint amach. D’éirigh linn, agus sáróimid an churiarracht arís i mbliana le Comhrá ‘23. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt san fheachtas thar na blianta agus cuireadh a thabhairt do Ghaeil fud fad na cruinne bheith páirteach ann i mbliana.

    Is comhrá leanúnach Gaeilge é ‘Comhrá’ a bhíonn ar siúl ar líne gach bhliain. Glacann go leor grúpaí páirt sa ‘Comhrá’; grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, cumainn tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, stáisiúin raidió, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus go leor grúpaí pobail eile!

    Úsáidtear Zoom le comhrá leanúnach a cruthú. Mar sin, tá sé an-éasca a bheith páirteach ar ríomhaire nó fón. Bíonn grúpaí ó Ghaillimh go dtí an Áise, ó Bhéal Feirste go dtí Meiriceá Thuaidh páirteach linn. An rud is tábhachtaí ná, is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú, tá muid ag iarraidh tú a chur ag caint mar chuid de ghréasán domhanda Gaeilge.

    Tuilleadh eolas: sean@cnag.ie

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.