Connacht nó Connachta?

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36899
    Onuvanja
    Participant

    Cheap mé ariamh gur Connachta an t-ainm atá ar an gCúige sa nGaeilge, ach céard a fheicfinn sa Vicipéid ná “Connacht” agus é luaite mar an leagan Gaeilge. Go deimhin, deir an t-alt gur ainm stairiúil atá in “Connacht”, ach gur “Connachta” a deirtear sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal gurb é “Connacht” an t-ainm oifigiúil atá á chur chun cinn i gcaighdeán ISO 3166-2… Nach aisteach an rud é sin? Seo chugaibh an t-alt: https://en.wikipedia.org/wiki/Connacht

    #45880
    Cúnla
    Participant

    Ainmfhocal iolra atá in “Connachta” ó cheart (féach [url=http://dil.ie/12217]http://dil.ie/12217[/url]), .i. “Connachta” sa tuiseal ainmneach (iolra) ach “[url=http://www.logainm.ie/ga/1165969]Cúige Chonnacht[/url]” (sa nginideach iolra).

    Is dóigh gurb éard atá in “Connacht” (sa tuiseal ainmneach) sórt athghaelú ar an leagan béarlaithe “Connaught.”

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.