Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › “Córas lárnach” nó “córas an tséimhithe”?
- This topic has 3 replies, 1 voice, and was last updated 5 years, 7 months ago by
kyihsin.
-
AuthorPosts
-
February 24, 2018 at 10:09 pm #36990
josephmcg
ParticipantAg iarraidh “on the dust jacket” a scríobh.
Dar leis An Draoi Gramadaí ar http://www.teanglann.ie, tá dhá rogha agam:
â–ªar an bhforchlúdach (CÓRAS LÁRNACH)
â–ªar an fhorchlúdach (CÓRAS AN tSÉIMHITHE)Ní fhaca mé na téarmaí seo riamh cheana.
Tá míniú bunúsach orthu ag [url]https://aistear.ie/uploadedfiles/CO 2016 – Achoimre.pdf[/url]Sa chás seo, tá ‘córas an tséimhithe’ níos nádurtha domsa. (B’fhearr liom “ar an fhorchlúdach”).
Ach i gcásanna eile, tá an córas lárnach níos nádurtha – mar shampla b’fhearr liom “ar an mbóthar” seachas “ar an bhóthar”.Ar cheart dom córas amháin a roghnú agus cloí leis? An bhfuil baint acú araon le canúnt (nó canúintí)faoi leith? An swuitseódh cainteoir dhúchais eatru mar seo riamh?
Gaeilge chonnacht atá agam fhéin.
Ceist Bhónas: Cén leabhar nó suíomh idirlín a mholfadh sibh chun cabhrú le foghlaimeoir mar m’ fhéin atá suim agam sna sonraí den saghas seo.
February 25, 2018 at 11:32 am #46194Labhrás
ParticipantAr cheart dom córas amháin a roghnú agus cloí leis? An bhfuil baint acú araon le canúnt (nó canúintí)faoi leith? An swuitseódh cainteoir dhúchais eatru mar seo riamh?
Gaeilge chonnacht atá agam fhéin.
Ba cheart.
corás lárnach = Gaeilge Chonnacht (gan Acail)
córas an tséimhithe = Gaeilge Uladh (agus Gaeilge Acla)February 27, 2018 at 9:07 am #46195Onuvanja
ParticipantNí dóigh liom go n-athródh cainteoir dúchais ó chanúint amháin go ceann eile ina chuid scríbhneoireachta, seachas idir an chanúint agus an Caighdeán Oifigiúil, b’fhéidir… ag brath ar an gcomhthéacs. Más le córas an tséimhithe a théann tú (ar nós muintir Thír Chonaill), ba chóir duit séimhiú a chur ar an aidiacht chomh maith agus ainmfhocal séimhithe sa tuiseal tabharthach á cháiliú aici, mar shampla “ar an bhóthar mhór”.
February 28, 2018 at 10:37 pm #46196kyihsin
ParticipantSorry for lapsing into English, and I know this isn’t the question, but people might be interested to know the origin of this difference. Originally, lenition after a preposition + an indicated the dative case, while eclipsis after a preposition + an indicated the accusative case, and there was a difference in meaning. The dative indicated a stationary location, while the accusative indicated motion toward a destination. (This difference is also found in German, and in Latin except with the ablative in place of the dative.) Thus in Early Modern Irish you could find “ins an chathraigh” for “in the city (in der Stadt, in urbe)” vs. “ins an gcathraigh” for “into the city (in die Stadt, in urbem)”. But even as early as Keating the distinction is beginning to fall apart, and today it’s purely dialectal and has no semantic difference at all.
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.