Cuidiú ag teastáil le liricí

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Cuidiú ag teastáil le liricí

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36918
    Héilics Órbhuí
    Participant

    An mbeadh duine agaibh in ann cabhrú liom le liricí an amhráin seo? Níl mo chluas róghéar (le hamhráin i gcoitinne, caithfidh mé a rá). Is iad na bearnaí nach bhfuil cliú agam futhu. Is iad na focail idir lúibíní a bhfuil barúil agam futhu ach nílim cinnte. Chuile sheans go bhfuil mícheart glan agam maidir leis an gcuid eile comh maith 😉

    [url=https://www.youtube.com/watch?v=RDjXahe607A]https://www.youtube.com/watch?v=RDjXahe607A[/url]

    Amhrán an Imirce (cé go gceapfainn gurbh é “na hImirce” ba chóir a bheith ann 😉

    “ó nach é ___ mé (uisce faoi) ó d’fhág mé an baile
    tá (leathchéad) bliain (bailithe) ó d’fhág mé an trá bhán
    chuile cheann (in easnamh) is bróga breá (tairní)
    diabhal stopadh ná casadh nó _______
    chaith mé dé sathairn ag ól píosa (deasa?)
    is ina dhiaidh sin ag damhsa is ________
    ní raibh tada ann ach ______ (corrthroid) go _____
    is chuile mhac (mhór) ann a d’fhág (inár dtír)
    dé luain ag an station ó (startáil) ______
    ag (cartadh)_______________________
    bhí ________________ (breá) (a fhios againn)
    ______ againn ar maidin _________
    san oíche dé haoine is na pócaí breá líonta
    bhíodh deoch againn sa (mbrighton) (ón) (station hotel)
    thíos ag na (seanmná) ________
    ag cuartú bean óg a fháil le bualadh (faoin saol)
    bhí halla ____ ag _____ is é líonta le (paddys)
    (as daingean) ________ gaoth dobhair
    bhí _____ (ann) as _____ aníos as cill daire
    á spreagadh na (lámha) ________ (na ngaoth)
    ach d’imigh na blianta (is stop) na (paddys) ag seoladh
    tá an buachaill ó ____ an (raibh sé) faoin bhfód
    ní chloisfinn aon ghaeilge thíos ag an station
    tá an ceol ______ thíos ann an halla ________
    ach anois táim liom féin is na blianta mo chéasadh
    is gan agam ach an caoineadh go (seicfinn) ______
    nach ____ mo chroí bheith ag déanamh ar an mbaile
    siar an bóthar _______ cois farraige is trá
    nach minic a dúirt mé go mb’fhearr liom sa mbaile
    ag piocadh ____ (faochan) nó ag baint feamainn bhuí
    _______ dé sathair ag déanamh (corrcaper)
    le cailín as ________ nó aniar as ________
    ach ní fheicim aon _____ anois os cionn (caoga)
    tá an ghealach ag scalladh ar chroc is (ar an mbóthar)
    (ná an) _______ nó capall ná ___________
    ag _____ na gaoithe ___ síos ____________”

    Go raibh maith agaibh as pé cabhair a mbeidh sibh in ann a thabhairt dom!

    #45989
    Rogha Bhríde
    Participant

    A Héilics, a chara,

    Chuir mé féin cuid de na focail le seo, agus rinne cara liom as Conamara, atá ina amhránaí, an chuid eile a chuir leis. Níl sé ina iomláine go fóill ach gheobhaidh mé na focail atá in easnamh amach anseo.

    Seinnfidh mé seo duit ar mo chlár raidió “Rogha Bhríde” ar an Aoine beag seo. Munar féidir leat a bheith ag éisteacht leis beo, beidh podchraoladh ar fáil ar feadh seachtaine ina dhiaidh ar an leathanach seo:
    http://flirtfm.ie/shows/rogha-bhride

    Beir bua agus beannacht, agus bain sult as a bheith ag ceol!
    Bríd

    Ó nach é ‘ d’imigh sciopaidh, ó d’fhág mé an baile
    tá leathchéad bliain bailithe ó d’fhág mé an Trá Bhán
    ___________________ is bróga breá tairní
    diabhail stopadh ná casadh nó (go raibh muid) istigh i gCamdon town,
    chaith muid Dé Sathairn ag ól thíos sa gCastle,
    is ina dhiaidh sin ag damhsa sa mBuffalo
    ní raibh tada ann ach Gaeilge cabhar troid agus sathrú*,
    is chuile mhac mhór ann a d’fhág an áit thiar.

    Dé Luain ag an station gheobhfeá an start ann ó Lowry,
    ag cartadh amach poill ann ar thrí phunt sa ló,
    bhí mac Pháraic Pheaitín ina “ghanger” breá éasca againn
    bheadh “steak” againn ar maidin agus pionta ag ám lóin
    san oíche Dé hAoine is na pócaí breá líonta
    bhíodh deoch againn sa mBrighton nó sa Station Hotel
    thíos ag an Shamrock, an Gresham nó an Galtee
    ag cuartú bean óg a fháil le bualadh faoin saol

    Bhí Holloway Road ann is é líonta le Paddys
    as Daingean Uí Chuais is Gaeltacht Ghaoth Dobhair
    bhí fir ann as Acaill ‘s aníos as Cill Daire
    a raibh spreac’ ina láimh ‘gus grean ina gcroí,
    ach d’imigh na blianta is stop na Paddys ag seoladh
    tá an Bufallo dúnta ann is an nGresham faoin bhfód
    ní chloisfeá aon Ghaeilge thíos ag an station
    tá an ceol ísligh síos ann i Holloway Road

    Ach anois táim liom féin is na blianta mo chéasadh
    is gan agam ach an caoineadh gus’ seicín an’ dole’
    nach d’tabharfainn mo chroí bheith ag déanamh ar an mbaile
    siar ‘ Bóthar na hAille cois farraige is trá
    nach minic a dúirt mé go mb’fhearr liom (‘bheith) sa mbaile
    ag piocadh slád faochain nó ag baint fheamainn bhuí
    Tigh Darby Dé Sathairn ag déanamh corrchaper
    le cailín as Camus nó aniar as Tír an Fhia

    Ach ní fheicim _________ chaoin anois os cionn chaoga
    tá an ghealach ag scalladh ar chnoc Leitir Móir
    ná báid Jimmy Pheaitín an Capall ná an Tonaí
    ag toirneáil na gaoithe ann síos Cuan an Fhir Mhóir”

    #45990
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Míle buíochas leat! Níl a fhios agam cen chaoi nár éirigh liom cuid acu a thuiscint, ach is cinnte tá cuid acu nach dtuigfinn go deo dá n-éisteoinn na céadta uair leis 😉 Beidh mé ag éisteacht le do chlár!

    Ádh mór ort agus go raibh maith agat arís

    #45993
    Rogha Bhríde
    Participant

    Maith thú féin!

    #46008
    Rogha Bhríde
    Participant

    A Héílics, a chairde uilig ar an suíomh Daltaí na Gaeilge,

    Tá iarratas spéisialta ar mo chlár anseo díobh: is féidir libh éisteacht leis go dti meanoíche anocht (GMT) ag an nasc seo:

    http://flirtfm.ie/shows/rogha-bhride

    Tá sibh luaite agam ag tús an chlár agus arís tar éís an 3ú amhrán.

    Beir bua agus beannacht as Gaillimh,
    Bríd “Rogha Bhríde” Ní Mhaoileoin

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.