B’é bás mo chait an tseachtain seo a spreag mé chun an dán seo a scríobh. Fáilte roimh chuile cheartúcháin, srl.
Dhá Chat
Bhí cat mór dubh agam
Maorga ramhar séimh
Gan ach breac beag bán air
I bhfolach thíos sa ghabhal
Gan le feiceáil air ach go minic
Is é ina shócúl ba ghnáth dó
Gean a bhí aige ar éinne gan choinníoll
Fáilte roimh chuimilt, cuma cén saghas
Cat mór seilge a bhí ann go smior
Ach cé gur as áireamh é oiread a chreach
Ní bhaighfí cat níos umhaile do dhaoine sa saol seo
Cuimhin liom go bréa
An lá brónach úd
É ar mhullach staca adhmaid
Is mé féin i mbun imeachta
Mo chéad mhairg go deo
Níl breith ar m’aiféala
Agus scar mé ó mo dheifir
Chun é a ligean sa teach
Bhí cat baineann agam
Ãlainn caomh éirimiúil
A híochtar chomh bán le sneachta
Is cába dubh ar a huachtar
Breac beag bán ar bharr a rubaill
Spota dubh amháin thar chuile chos uirthi
Mar a bheadh comhartha fágtha
Ag an té a chruthaigh í
Béasa mar a bheadh duine
A fiarshúile ag tuineadh
A hanam léir le sonrú
Nuair a lasfadh a héadan le fiosracht
Foighne is dánacht i gcat céanna
Fonn mór teanga is mianach foghlamtha
In ainneoin an chur as dom
Chomh labharthach is a bhíodh sí
Dá bhfilleadh sí air ais chugam
Thabhairfinn cead screada go brách dí
Maireann I mo chuimhne
Dhá chat thar chait
Cé gur ainmhithe iad bheirt
Ní shárófaí a ndaoire