Danny boy i nGaeilge?

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36126
    Jeaicín
    Participant

    Tá a fhios agam go gcantar “Maidin i mBéarra” leis an bhfonn a dtugtar “Danny Boy” air nó “The (London) Derry Air” nó “Eimear’s Farewell” ach an bhfuil a fhios ag aon duine anseo ar aistriíodh na focail “…Oh, Danny Boy, the pipes, the pipes are calling … etc” ar bhealach a bhféadfaí iad a chanadh leis an bhfonn sin? Tá an ráiméis a thugann Google feicthe agam ach ní hin atá uaim ach leagan cruinn fileata so-chanta i nGaeilge an lae inniu.

    #41220
    Dalta_seán
    Participant

    Níl fhios agam ach tá suim agamsa fosta. Ceapaim nach bheadh sé ró deachair a aistriú tú féin. Má chuireann tú bun iarrachta ar daltai.com beidh muid in ann feabhas a chur ar sa fóram seo bhféidir.

    Ó a bhuacail Sheánaí, tá na píobanna na píobanna ag glaoigh,
    Ó gleann go gleann agus thíos thaobh na sléibhthe

    ag ar aghaidh mar sin.

    #41222
    Jeaicín
    Participant

    Is fada ó d’fhoilsigh mé an teachtaireacht sin. Bhí duine i Meiriceá á iarraidh orm.

    #41225
    Dalta_seán
    Participant

    Gabh mo leiscéal.

    #41228
    Jeaicín
    Participant

    Níl leithscéal i gceist. Smaoineamh an-deas atá agat tabhairt faoin amhrán a aistriú. An bhfuil sé ar eolas agatsa i mBéarla?

    A Dhónaillín, an gcloiseann tú na píobaí
    ó ghleann go gleann agus ar learga an tslé’
    …?

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.