Deireadh Seachtain Gaeilge: 6 – 8 Samhain 2015

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtain Gaeilge: 6 – 8 Samhain 2015

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36867
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Deireadh Seachtain Gaeilge
    – Irish Language Weekend –
    6 – 8 Samhain 2015
    Suíomh Ar Leith !!!

    Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 6ú – 8ú de Shamhain 2015. Beidh muid ag dul go dtí an Spray Beach Inn ar Long Beach Island, Nua-Gheirsí i mbliana. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 23 Deireadh Fómhair (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.

    Ba mhór ag Daltaí na Gaeilge tú a bheith i láthair ar LBI linn. Beidh chuile dhune ag fanacht ag an Spray Beach Inn agus beidh eachtraí na hoíche uilig ar siúil ansin. I rith an lae beidh muid ag an LBI Foundation of the Arts & Sciences agus beidh na ranganna Gaeilge, na Léachtaí agus an t-Aifreann (i nGaeilge agus i mBéarla) ann.

    Is dóigh go mbeidh muid ag filleadh go ceantar Philadelphia an bhliain seo chugainn agus nach dtarlóidh ár nDeireadh Seachtaine faoi Shamhain ar LBI arís go deo. Carpe Diem!

    Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo:
    http://www.daltai.com/events/666/

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.