Deireadh Seachtaine Gaeilge, 8 – 10 Samhain 2019

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Gaeilge, 8 – 10 Samhain 2019

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37085
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Deireadh Seachtaine Gaeilge
    8 – 10 Samhain 2019

    Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 8ú – 10ú de Shamhain 2019. Roinnt blianta anuas d’fhill muid ar Jamison, Coill Phenn faoi dheireadh thiar thall, agus chuir sé gliondar ar ár gcroí bheith ann aríst. Rachaimid ar ais i mbliana, agus tá súil againn go mbeidh tú inár gcuideachta. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 25 Deireadh Fómhair (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.

    Agus ná déan dearmad ar na heachtraí speisialta a bheas ar siúil againn oíche Dé Sathairn. I ndiaidh an dinnéir beidh Seisiún Cois Tine againn (laistigh i mbliana). Agus go díreach thar éis sin cuirfidh muid tús lenár gCéilí Bréigéide bliantúil. Beidh duaiseanna bronnta ar na culaithe is fearr (nó is suimiúla, is aite, is craiceáilte, srl). Cinnte go mbeidh spórt agus spraoi againne, mar is iondúil !

    Tá muid ag súil le beirt FLTA a bheas páirteach mar mhúinteoirí agus leachtaí i rith na Deireadh Seachtaine. Tá sé seo curtha ar chumas ag an gCoimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá muid thar a bheith buíoch dóibh. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil i Siopa Dhaltaí tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/shop/

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.