Deireadh Seachtaine Gaeilge – Irish Language Weekend, 10 – 12 Samhain 2017

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Gaeilge – Irish Language Weekend, 10 – 12 Samhain 2017

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36978
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Deireadh Seachtaine Gaeilge
    Irish Language Weekend
    10 – 12 Samhain 2017

    Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 10ú – 12ú de Shamhain 2017. Anuraidh d’fhill muid ar Jamison, Coill Phenn faoi dheireadh thiar thall, agus thaithnigh an deireadh seachtaine ansin go mór linn. Tá súil againn go mbeidh tú inár gcuideachta i mbliana. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 27 Deireadh Fómhair (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.

    Agus ná déan dearmad ar na heachtraí speisialta a bheas ar siúil againn oíche Dé Sathairn. I ndiaidh an dinnéir beidh Seisiún Cois Tine againn (laistigh i mbliana). Agus go díreach thar éis sin cuirfidh muid tús lenár gCéilí Bréigéide bliantúil. Beidh duaiseanna bronnta ar na culaithe is fearr (nó is suimiúla, is aite, is craiceáilte, srl). Ó, beidh an-chraic go deo againn, mar is gnách!

    Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo. http://www.daltai.com/shop/

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.