Deireadh Seachtaine Gaeilge – Irish Language Weekend – 9 – 11 Samhain 2018

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Gaeilge – Irish Language Weekend – 9 – 11 Samhain 2018

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37012
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 9ú – 11ú de Shamhain 2018. Arú anuraidh d’fhill muid ar Jamison, Coill Phenn faoi dheireadh thiar thall, agus thaithnigh an deireadh seachtaine go mór linn. Rachaimid ar ais i mbliana, agus tá súil againn go mbeidh tú inár gcuideachta. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 26 Deireadh Fómhair (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.

    Agus ná déan dearmad ar na heachtraí speisialta a bheas ar siúil againn oíche Dé Sathairn. I ndiaidh an dinnéir beidh Seisiún Cois Tine againn (laistigh i mbliana). Agus go díreach thar éis sin cuirfidh muid tús lenár gCéilí Bréigéide bliantúil. Beidh duaiseanna bronnta ar na culaithe is fearr (nó is suimiúla, is aite, is craiceáilte, srl). Cinnte go mbeidh spórt agus spraoi againne, mar is iondúil !

    Tá muid ag súil le beirt FLTA a bheas páirteach mar mhúinteoirí agus leachtaí (Art Ó Suilleabháin agus Pádraig Mc Gonagle). Tá sé seo curtha ar chumas ag an gCoimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá muid thar a bheith buíoch dóibh. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil i SIOPA DHALTAÍ anseo: http://www.daltai.com/shop/.

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.