Deireadh Seachtaine Lán Gaeilge 5 – 7 Aibreán 2013

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Lán Gaeilge 5 – 7 Aibreán 2013

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36493
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Tá nós againn le blianta fada anuas dul go Long Beach Island san Earrach chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Ach tá a fhios ag an saol go rinne an Hairicín Sandy an t-uafás damáiste ar an gcósta agus go háirithe ar an oileán. De bharr sin bhí éiginnteacht mhór againn faoin gclár i mbliana. Ach anois, dá ainneoin sin is uile, tá áthas orainn fógair go mbeidh muid ar ais in L.B.I. go gairid. Agus tá na hoileánaigh ag súil go mór lenár teacht, ar ndóigh!

    Cé go mbeidh orainn athrú a dhéanamh ar chuid eile dhen chlár, tháinig an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences slán sábháilte as an stoirm, agus fuair muid cuireadh filleadh. Is deis álainn í, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón Dé Sathairn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.

    Cinnte go mbeidh ‘ranganna’ ar dhá leibhéal (Fáinne óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ann. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche. Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag ceann de na hóstáin; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag bialann áitiúil oíche Dé Sathairn.

    Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

    Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil i [url=http://daltai.com/shop/]Siopa[/url] Dhaltaí na Gaeilge.

    Agus m´á’s gá, seo an nasc díreach: http://daltai.com/shop/

    B’aoibhinn linn do chomhluadar!

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.