Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge
24 – 27 Márta 2017
Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Is breá linn gach clár tomoideachas, ar ndóigh. Ach baineann muid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!
Fuair muid cuireadh filleadh ar an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i mbliana, cé go mbeidh muid ann seachtain níos luaithe ná is gnách. Is deis álainn í, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón Dé Sathairn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.
Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ann. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche. Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn. Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil i Siopa Dhaltaí: http://www.daltai.com/shop/
B’aoibhinn linn do chomhluadar!