Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge, 28 – 30 Márta 2014

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge, 28 – 30 Márta 2014

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36699
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Tá nós againn (Daltaí na Gaeilge) le blianta fada anuas dul go Long Beach Island san Earrach chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Is breá linn gach clár tomoideachas, ar ndóigh. Ach baineann muid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!

    Fuair muid cuireadh filleadh ar an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i mbliana, agus tá siad ag súil go mór lenár teacht, ar ndóigh! Is deis álainn í, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón Dé Sathairn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.

    Mar is gnách, beidh ‘ranganna’ ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ann. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche. Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag ceann de na hóstáin; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag bialann áitiúil oíche Dé Sathairn.

    Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

    Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo: http://www.daltai.com/events/675/

    B’aoibhinn linn do chomhluadar!

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.