Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge
3 – 5 Aibreán 2020
Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh
Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Nach mbíonn an-spraoi go deo
againn ar LBI i gcónaí? Agus baineann muid an-áthas ar fad as an seans a
bheith lenár gcairde agus ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar
feadh deireadh seachtaine iomlán!
Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts &
Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár
mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh
maith (béilí éadroma iad sin i mbliana). is dream an-fháilteach iad ag
an LBI Foundation, agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil arís.
Agus mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus
Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is
tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is
spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.
Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach
Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann
Arlington oíche Dé Sathairn.
An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Cuireann An Coimisiún
Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá súil againn go mbeidh tú
rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar
fáil inár Siopa anseo: http://www.daltai.com/shop/
B’aoibhinn linn do chuideachta!