Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge: 31 Márta – 2 Aibreán 2023

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge: 31 Márta – 2 Aibreán 2023

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #49976
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge

    31 Márta – 2 Aibreán 2023

    Bhí deis againn filleadh ar Long Beach Island anuraidh, agus bhain muid an-taitneamh go deo as. Agus is cúis mhór áthais dúinn anois a fhógairt go rachaimid ar ais sul i bhfad chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh! Nach mbíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí? Agus bainimid sult ar fad as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint agus ag cloisteáil an Ghaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán.

    Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin uilig). Is dream an-fháilteach iad ag an LBI Foundation; agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil ar an oileán arís.

    Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

    Le haghaidh na hócáide seo, beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.
    Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

    Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil i SIOPA Dhaltaí anseo: https://daltai.com/product/deireadh-seachtaine-na-gaeilge/

    B’aoibhinn linn do chuideachta!

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.