Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge 6 – 8 Aibreán 2018

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge 6 – 8 Aibreán 2018

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36992
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    A chairde,

    Deireadh Seachtaine
    Lán-Ghaeilge
    6 – 8 Aibreán 2018

    Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Mar is eol duit, bíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí. Agus bainimid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!

    Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.Agus mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

    Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn. Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta. An dtiocfaidh tú isteach sa gcomhluadar seo?

    Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil i Siopa Dhaltaí trÃ¥d an nas seo: http://www.daltai.com/shop/

    B’aoibhinn linn do chomhluadar!

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.