Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge ar LBI, 3 – 5 Aibreán 2020

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge ar LBI, 3 – 5 Aibreán 2020

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37112
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    A chairde,

    Mar is eol dhaoibh, bhí ar intinn againn Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge a cheiliúradh ar Long Beach Island sul i bhfad (3 – 5 Aibreán). I láthair na huaire tá an saol uilig tógtha go hiomlán leis an víreas Wúhán. Rinne muid ár ndícheall an fód a sheasamh, ach caithfidh muid admháil anois nach bhfuil aon rogha againn ach an Deireadh Seachtaine a chur ar ceal. Tá an-díomá agus drogall orainn é sin a dhéanamh, ach níl laigheas againn air. Maith dhúinn é sin.

    Gheobhaidh ‘chuile dhuine aisíoc slán, ar ndóigh. Tá an-bhrón go deo orainn faoi seo; ach is dócha go bhfuil an cinneadh ceart déanta againn. Feicfidh muid in Esopus faoi Bhealtaine sibh, le cuidiú Dé. Go dtí sin, bíodh sláinte agus táinte agaibh.

    Go mbeire muid beo ar an am seo aríst!

    Daltaí na Gaeilge

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.