Dhá ainmfhocal le chéile – ceann dóibh mar ainmfhocal dílis

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Dhá ainmfhocal le chéile – ceann dóibh mar ainmfhocal dílis

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 19 total)
  • Author
    Posts
  • #36973
    Garret
    Participant

    A chara.

    Chonaic mé alt san archive Folder ‘The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (November-December) » Archive through December 23, 2005’ den teideal ‘Shéimhuithe sa Tuiseal Ginideach’ fós nach bhfuil soiléir dom!

    Scríobh an ball ‘Lughaidh’ a leannas: ‘Bíonn séimhiú ar fhocal sa tuiseal ghinideach nuair is ainm dílis (“proper noun”) gan alt atá ann: ainm duine, ainm áite, srl.’

    Ach cad faoi na eisceachtaí seo:

    Naomh Pádraig – amhrán
    Féile Bríde – amhrán
    Naomh Bríd – Club GAA

    An bhfuil said go léir mí-cheart?

    Le meas,

    Garret.

    #46151
    Lughaidh
    Participant

    Ach cad faoi na eisceachtaí seo:

    Naomh Pádraig – amhrán

    ciallann sé “Saint Patrick”, not “the saint of Patrick”, mar sin nÄ«l “Pādraig” sa ghinideach… sin an fāth nach bhfuil séimhiÅ« air.

    Naomh Bríd – Club GAA -> rud céarna

    Féile Bríde – amhrán

    sÄ«lim gur seanfhrāsa é seo, cloÄ«onn sé le seanrialacha gramadaÄ«. DéarfaÄ« “teach BhrÄ«d”, mar shompla, le rialacha na Nua-Ghaeilg, nuair nach seanfhrāsa é.

    #46152
    Garret
    Participant

    Ach, cheap mé má thagann dhá ainmfhocal le chéile bíonn an dara ceann sa ghineadach?

    Freisin, mas rud é gur ainmfhocal baininsceach ‘Bríd’, cén fáth nach dtógan sé séimhiú?

    Táim trí na céile leis an t-ábhar seo!!

    gram as ucht do chabhair.

    Garret.

    #46153
    Lughaidh
    Participant

    Ach, cheap mé má thagann dhá ainmfhocal le chéile bíonn an dara ceann sa ghineadach?

    bÄ«onn an darna cionn sa ghinideach nuair a bÄ«os nasc “seilbhe” srl eatarthu (“of” nó ” ‘s” i mBéarla). NÄ« i gcās “Naomh Pādraig”, óir is é an duine céarna an naomh agus Pādraig. Ar an dóigh chéarna: RÄ« Séamas, srl

    Freisin, mas rud é gur ainmfhocal baininsceach ‘Bríd’, cén fáth nach dtógan sé séimhiú?

    cuirtear séimhiÅ« air ach amhāin nuair is seanfhrāsa atā i gceist (cloÄ«onn sé le rialacha gramadaÄ« na Sean-Ghaeilg nó na Gaeilg ClasaicÄ«…). Is eisceacht é.
    Ach in achan chās eile (ie. an chuid is mó don am), cuirtear séimhiÅ« air: Teach BhrÄ«d, madadh Chāit…

    #46154
    Garret
    Participant

    Cad faoi ‘mála scoile’?

    Agus an bhfuil aon ríail ginearálta ann nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile?

    #46155
    Lughaidh
    Participant

    māla scoile, sin a school bag. The school and the bag are 2 different things, it’s a bag you use at school.
    That’s explained in all grammars, afaik.

    #46156
    Onuvanja
    Participant

    Sampla eile den tsean-ghinideach – “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne” an teideal atá ar an scéal, ach “Tá carr Dhiarmaid briste” a déarfá sa Nua-Ghaeilge.

    #46157
    Garret
    Participant

    Cad faoin foirgneamh cánach i mBÁC, Áras Mhic Dhiarmada?

    Ceist dheireanach.. an bhfuil ríail simplí ann a bhaineann le dhá ainmfhocal le chéile chun cabhrú liom?

    #46158
    Lughaidh
    Participant

    Tá mé ‘gabháil a sheoladh ríomhphosta chugad le scan do leathanaigh na leabharthach gramadaí, áit a mínithear sin – ar eagla nach mbeadh leabhar gramadaí ar bith agad.

    #46159
    Garret
    Participant

    Grma, gheobhaidh mé leabhar dom féin, mar a mhol tú?

    #46160
    Lughaidh
    Participant

    Sheol mé cupla scan chugad inné, chuig do sheoladh ríomhphosta. Nach bhfuair tú iad?

    #46161
    Garret
    Participant

    Faighte, grma. Ach de réir dealramh, tá leabhar gramadaí de dhíth orm freisin.

    #46162
    Lughaidh
    Participant

    Thig leat New Irish Grammar, leis na Brāithre CrÄ«ostaÄ«, nó A Grammar of Modern Irish, le Pól Ó MurchÅ«, a cheannacht. Nó thig liom PDF “Graiméar Gaeilge na mBrāithre CrÄ«ostaÄ«” a sheoladh chugad fosta. BhÄ« sé le fāilt ar an idirlÄ«on cupla bliain ó shoin, nÄ«l’s agam an bhfuil sé le fāilt go fóill.

    #46163
    Garret
    Participant

    Míle buíochas a Lughaidh. Déanfaidh mé taighde ar na leabhair a mhol tú agus tiocfaidh mé ar ais chugat muna aimsím é.

    #46164
    Onuvanja
    Participant

    Tá Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí ar fáil ar an suíomh seo a leanas: http://www.scriobh.ie/ScriobhIe/Media/Graimear Gaeilge na mBraithre Criostai_Eag1999.pdf (maidir leis an nginideadh, féach pointe 4.14 srl)

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 19 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.