Dia dhaoibh

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • Author
    Posts
  • #36590
    Jonas
    Participant

    Dia dhaoibh a chairde, conas tánn sibh go léir? Mar a fheiceann sibh, táim ag filleadh tar éis an sosa bhig seo a bhí agam. 😉

    Aon scéal agaibh?

    #44216
    aonghus
    Participant

    Diabhal scéil.

    Conas tá agat féin? Fáilte ar ais. Éirithe ciúin sna bólaí seo ó bhí tú thart cheana.

    #44218
    An Lon Dubh
    Participant

    Jonas, Níl aon aithne agat orm, ach tá seanaithne agam ort! D’fhoghlaimíos roinnt
    mhaith eolais ód’ theachtaireachtaí ar na liostaí ríomhphoist Gaeilge-A agus B!

    Failte thar n-ais!

    #44223
    Jonas
    Participant

    Jonas, Níl aon aithne agat orm, ach tá seanaithne agam ort! D’fhoghlaimíos roinnt
    mhaith eolais ód’ theachtaireachtaí ar na liostaí ríomhphoist Gaeilge-A agus B!

    Failte thar n-ais!

    Go raibh maith agat, agus is breá liom a chloisint gur bhainis sult as mo theachtaireachtaí blianta ó shin 🙂

    Diabhal scéil.

    Conas tá agat féin? Fáilte ar ais. Éirithe ciúin sna bólaí seo ó bhí tú thart cheana.

    Táim go maith, go raibh maith agat a sheanchara. Táim im chónaí sa Fhrainc anois, i mBordeaux – ollamh is ea mé ar an ollscoil agus is maith liom go mór é. Tá an fíon níos fearr ná san Fhionlainn 😉 Roimhe sin bhíos im chónaí i Milano agus fillim go minic san Iodáil mar bím ag múineadh ansan leis. Sin iad na scéalta, is docha, mar tá a fhios agat cheana féin go rabhas im chónaí i Montréal.

    #44389

    A Jonas,

    Níl aon aithne agat orm, ach i ndiaidh a ghlac mé páirt san fhóraim, bhí ceist agam… agus scríobh duine eigin gur ceist do Jonas í. Ar an drochuair rinne mé dearmaid de mo cheist.

    #44450
    Dáithí
    Participant

    Fáilte ar ais a Jonas! Táim ag súil do phost a léamh arís.

    #44451
    Lughaidh
    Participant

    Dè ‘n t-àbhar atà tù a theaghasc? Bèarla? Sualainnis?
    An bhfanòchaidh tù san àit sin go “deo” nò an gcrìochnòchaidh do chonradh oibre i gcionn cupla bliain?

    #44454
    Jonas
    Participant

    Dè ‘n t-àbhar atà tù a theaghasc? Bèarla? Sualainnis?
    An bhfanòchaidh tù san àit sin go “deo” nò an gcrìochnòchaidh do chonradh oibre i gcionn cupla bliain?

    Is é iompar tomhaltóirí an t-ábhar atháim á mhúineadh, ach fócas ar úsáid na dteangacha. Féach [url=http://www.emeraldinsight.com/journals.htm?articleid=17084466]anso[/url] agus [url=http://jsr.sagepub.com/content/15/4/430.abstract]anso[/url], mar shampla, má tá suim agat ann 🙂

    Tá CDI agam anso ach níl a fhios agam.. cífimíd é sin. Táim ag déanamh taighde ar teangacha i gcomhthéacsana ilteangeolaíoch agus caithfead a rá ní hí seo an chathair is fearr chun an ábhair sin. Tá sí in aice le Euskadi, ach pé scéal é…

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.