Direct / Indirect Cuidiú St. Pats Homepage › Forums › General Discussion (Irish and English) › Direct / Indirect Cuidiú This topic has 7 replies, 1 voice, and was last updated 9 years ago by Seáiní. Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total) Author Posts March 7, 2014 at 7:17 pm #36695 SeáiníParticipant A chairde Tá mé ag iarraidh bheith cinnte den rud seo! An bhfuil seo in ainm is a bheith díreach nó indíreach? Sílim go raibh 50 faoin chéad (50%) de dhaoine óga a bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu sa bhliain 2000 * Sílim go raibh 50 faoin chéad (50%) de dhaoine óga ar bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu sa bhliain 2000 Fáilte roimh chuidiú ar bith! March 7, 2014 at 8:27 pm #45025 LabhrásParticipant A chairde Tá mé ag iarraidh bheith cinnte den rud seo! An bhfuil seo in ainm is a bheith díreach nó indíreach? Sílim go raibh 50 faoin chéad (50%) de dhaoine óga a bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu sa bhliain 2000 * Sílim go raibh 50 faoin chéad (50%) de dhaoine óga ar bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu sa bhliain 2000 Fáilte roimh chuidiú ar bith! Sílim gur 50% de na daoine óga ar bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu 2000. indíreach (orthu = ar 50%) March 7, 2014 at 10:28 pm #45026 CúnlaParticipant “Sílim gur bhraith 50 faoin gcéad de dhaoine óga go ndearnadh bulaíocht orthu…” Nó dá mba mhian leat béim ar leith a leagan ar an gcéatadán féin: “Sílim gurbh iad 50 faoin gcéad de dhaoine óga a bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu…” March 8, 2014 at 1:50 am #45027 Héilics ÓrbhuíParticipant Sílim gur 50% de na daoine óga ar bhraith go ndearnadh bulaíocht orthu 2000. indíreach (orthu = ar 50%) Ní chreidim go bhfuil sé sin ceart. Níl “orthu” sa chlasál céanna. Ach b’fhéidir gur dul amú orm. Ba é “a bhraith”, dar liomsa. March 8, 2014 at 2:29 pm #45028 SeáiníParticipant go raibh maith agaibh uilig go léir… Bhí mé falsa ansin ‘gur’ ar ndóighe! Sin an rud atá a chur isteach orm…. An mbaineann ‘orthu’ leis an 50 nó an clasál nua atá i gceist!? cibé ar bith, d’athraigh mé structúr na habairte le cur suaimhneas ar mo chás! Chuir mé ‘gur bhraith’ ag tús an ruda. grma cúnla Má bhfaighim freagra ó na hudaráis, cuirfidh mé in iúl daoibh! March 8, 2014 at 3:23 pm #45029 SeáiníParticipant Seo ceann eile a chairde, más féidir libh cuidiú a thabairt Díreach nó indíreach: Cionn is nach ndéanann rud an rud a leagadh amach dó NÓ Cionn is nach ndéanann rud an rud ar leagadh amach dó March 8, 2014 at 3:26 pm #45030 CúnlaParticipant Coibhneas díreach a bheadh ansin. March 8, 2014 at 3:46 pm #45031 SeáiníParticipant ah ar ndóigh. Baineann ‘do’ leis an chead ‘rud’. Nach bhfuil sin i gceart? grma as an chuidiú seo. *do not dó! Author Posts Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total) You must be logged in to reply to this topic. Log In Username: Password: Keep me signed in Log In