Féile shona dhíbh (sic!)

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Féile shona dhíbh (sic!)

Viewing 10 posts - 1 through 10 (of 10 total)
  • Author
    Posts
  • #36648
    Onuvanja
    Participant

    A chairde, ós rud é go bhfuil aimsir na Nollag an teannadh linn, an bhfaca sibh an leagan seo thuas ariamh? Tá mé ag ceapadh gur “dhaoibh” a ba chóir a bheith ann, seachas “dhíbh”. An bhfuil aon bhunús le “dhíbh” san abairt sin ar chor ar bith? Tá a fhios agam go measctar “de” agus “do” sna canúintí uaireanta, ach feictear dhomsa gur meancóg atá ann amach is amach…

    #44829
    Lughaidh
    Participant

    Meancóg atá ann leoga.
    Measctar “do” agus “de” i chóir a bheith achan chanúint, is é sin le ráidht go dtógann “do” áit “de” (cha nglacann “de” áit “do”)

    Ach is minic a úsáidtear “do, don” srl in áit “de, den” srl, ach coinnithear na forainmneacha réamhfhoclacha, ie. coinnithear an t-eadardhealú eadar dom agus díom, duit agus díot, srl.

    Ach, níl “Féile shona dhíbh” ceart i gcanúint ar bith, dar liom. An duine a scríobh “dhíbh” ansin, is féidir go ndeir sé “dhaoibh” ach nach bhfuil’s aige goidé mar a scríobhtar é…

    #44830
    Onuvanja
    Participant

    An duine a scríobh “dhíbh” ansin, is féidir go ndeir sé “dhaoibh” ach nach bhfuil’s aige goidé mar a scríobhtar é…

    GRMA, a Lughaidh! Níor cheap mé air sin… seans go bhfuil an ceart agat. An guta céanna atá i gceist in “dhíbh” agus “dhaoibh”.

    #44831
    Lughaidh
    Participant

    An guta céarna ach ní an consan céarna!

    /ji:v’/ vs /É£i:v’/ 🙂

    #44832
    Cúnla
    Participant

    Deirtear “Dia dhíbh” (i leaba “Dia dhaoibh”) ó dheas freisin…

    #44833
    Lughaidh
    Participant

    God off you? sounds more like a curse 😀

    #44834
    Seáinín
    Participant

    A Lughaidh, a chara:

    Cén áit a bhfuair tú an síneadh fada? 😆

    #44835
    Lughaidh
    Participant

    Goidé atá i gceist agad? 🙂

    #44836
    Seáinín
    Participant

    Nach scriobh tú gan faide ar feadh blianta mar gheall ar do mhéarchlár?

    #44837
    Onuvanja
    Participant

    Deirtear “Dia dhíbh” (i leaba “Dia dhaoibh”) ó dheas freisin…

    GRMA, a Chúnla! Nach ait an mac as saol.

Viewing 10 posts - 1 through 10 (of 10 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.