Féilire Dhaltaí na Gaeilge

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Féilire Dhaltaí na Gaeilge

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #37119
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    A chairde,

    Mar is eol daoibh, bhí orainn an Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge ar Long Beach Island a chur ar ceal i mbliana mar gheall ar an víreas marfach. Bhí an-díomá agus drogall orainn é sin a dhéanamh, ach ní raibh laigheas againn air. Anois, is oth linn a fhógairt go bhfuil orainn an cinneadh céanna a dhéanamh maidir le hEsopus faoi Bhealtaine (15 – 17 Bealtaine) agus Satharn na nGael (6 Meitheamh). Níl ár ndóthain muiníne againn go mbeimis in ann cláir chearta a chur le chéile, nó go mbeadh cead againn iarracht a dhéanamh, fiú. Maith dhúinn é sin.

    ACH – Tá dóchas inár gcroí fós! Beidh an baol imithe i gceann cúpla mí, le cuidiú Dé. Agus tá muid ag súil go mór le Seachtain na Gaeilge in Esopus ag deireadh an tsamhraidh (30 Lúnasa – 5 Meán Fómhair). Nach mbeidh sé go hiontach ár seanchairde a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an nGaeilge bhinn aríst?

    Feicfidh muid in Esopus sibh, le cuidiú Dé. Go dtí sin, bíodh sláinte agus táinte agaibh.

    Daltaí na Gaeilge

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.