GRMA, a Sheosaimh! Nach deas an smaoineamh é comhad fuaime a chur leis na hailt. Is minic focal léite agam in BEO gan a fhios a bheith agam cén chaoi a bhfuaimnítear é.
Grma a Onuvanja. Tá ar intinn againn triúr a bheith ag léamh chaon mhí feasta. Ní bheidh an léamh ag teacht glan díreach leis an scríobh. Beidh an cainteoir/léitheoir á léamh mar is fearr a réitíonn léi nó leis féin. Bhéarfaidh sé seo deis ag lucht léite na hirise ansin difríochtaí leis an téacs, .i. difríochtaí beaga canúna, a thabhairt faoi deara.