Ní leanann an ginideach ⟨chun⟩ mar atá sé ansin agat (cf. an t-ainm briathartha, e.g., ⟨ag iarraidh⟩ mar a bhí sa [url=http://www.daltai.com/forums/viewthread/669/]snáithe eile úd a bhí agat[/url])—sa gcaighdeán; is minic an ginideach i ndiaidh ⟨chun⟩ mar sin i gcanúintí Muimhneacha.
Téann infhilleadh an ghinidigh ar ainmfhocal a thagas i ndiaidh ⟨níos mó⟩, srl., mar séard atá ann ⟨ní⟩ (= rud) + ⟨is⟩ (an fhoirm choimhneasta den chopail) + ⟨mó⟩. Níos mó airgid = *‘a thing (which is more) of money,’ srl.…