‘H’ le húsáid agus dhá ghuta ag teacht le chéile

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) ‘H’ le húsáid agus dhá ghuta ag teacht le chéile

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • Author
    Posts
  • #36225
    jaygon
    Participant

    Cén fáth a bhfuil gá ‘h’ le húsáid i gcásanna áirithe ach seachnaítear é in áiteanna eile?

    Cé hé? Cé hí? Cé hiad? (dhá ghuta ag teacht le chéile)

    Ní hé Ní hí Ní hiad (dhá ghuta ag teacht le chéile)

    ach

    Seo é Seo í Seo iad* (dhá ghuta ag teacht le chéile ach ní úsáidtear ‘h’) *Feicim ‘seo hiad’ chomh maith!

    Má’s eisceacht é an focal ‘seo’, an bhfuil eisceachtaí eile againn sa teanga?

    #41631

    Níl mé cinnte ach…
    I gcas cé hé srl. tá dhá ghuta caola ag teacht le cheile.
    I gcas seo é srl. tagann guta caol i ndiaidh guta leathan.

    #41632
    Cúnla
    Participant

    Baineann sé le stair na teanga…

    Sén fáth a gcuireann an focal “cé” an foghar ⟨h⟩ isteach roimh ghuta gurb é an chaoi a mbíodh an chopail idir é agus an forainm, tráth, vi⁊. *{cé+is+é}; cf., e.g., “cérbh é…” ⁊rl. Séimhíodh ⟨s⟩ deireanach an fhocail “is” go ndearnadh ⟨h⟩ de.

    Is amhlaidh a tharla i gcás “ní hé” âŠrl.: séard a bhí ann i dtosach fadó (roimh aimsir na Sean-Ghaeilge féin) rud eicínt ar nós *{ní+is}<*{*ne+*h₁és-ti} ó fhréamha Ind-Eorpacha... Rinneadh ⟨h⟩ den ⟨s⟩ deireanach... ‘Caint ar fhocla mar “le,” cuir i gcás: bhí tráth (sa tsean-aimsir fadó) is chríochnaigh siadsan le consan freisin. Arae tá leithéidí “le haghaidh…” agus “a hanam” ⁊rl. anois ann. Ó ré na seanaimsire i leith, áfach, is minic a rinneadh aithris ar na samplaí úd thíos ⁊rl., fiú focla nach raibh a leithéide sin de shanasaíocht acu ó dhúchas.

    #41633
    Onuvanja
    Participant

    An-spéisiúil!

    “Seod é” a deirtear uaireanta i gcanúint Chonamara freisin, nach ndeirtear? An mbeadh a fhios agat, a Chúnla, cé as ar eascair an “d” ‘úd?

    #41634
    Labhrás
    Participant

    Is focail eile é “seod”.
    Siod é a scríobhtar freisin, nó sid é i nGaeilge na Mumhan.

    #41636
    Onuvanja
    Participant

    GRMA, a Labhráis. Ab é “seod” an bunleagan a bhí ann sular cailleadh an “d” ag deireadh an fhocail?

    #41649
    Labhrás
    Participant

    GRMA, a Labhráis. Ab é “seod” an bunleagan a bhí ann sular cailleadh an “d” ag deireadh an fhocail?

    Ní hé.
    seo < Sean-Ghaeilge: so, sa, se gan -d ar bith.
    Níl “siod” gaolta le “siúd” freisin (úd < Sean-Ghaeilge ocut, “near you”, .i. “agat” i Nua-Ghaeilge)

    Ach bhí forainm taispáinteach iarthagrach eile ann leis an gconsan -d-: suide.

    #41650
    Onuvanja
    Participant

    GRMA aríst as an bhfreagra, a Labhráis! Breathnaíonn sé nach bhfuil aon dul as ach staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghaeilge, má táthar ag iarraidh an teanga a thuiscint… [osna]

    #41654
    Lughaidh
    Participant

    Ní hé.
    seo < Sean-Ghaeilge: so, sa, se gan -d ar bith.
    Níl “siod” gaolta le “siúd” freisin (úd < Sean-Ghaeilge ocut, "near you", .i. "agat" i Nua-Ghaeilge) Ach bhí forainm taispáinteach iarthagrach eile ann leis an gconsan -d-: suide.

    ach caithfidh tù a fhios a bheith agad, nach mar [d] a d’fhuaimneochthaì -d- eadar 2 ghuthaì i Sean-Ghaeilg:

    -d- = [ð] (fuaim “th” san fhocal Béarla chaighdeanaigh “this”)

    agus is é an -t- a d’fhuaimneochthaì (de ghnàth) mar [d] i Sean-Ghaeilg

    suide [suðʲe]
    ucut [ugud]

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.