Idioms

Viewing 5 posts - 31 through 35 (of 35 total)
  • Author
    Posts
  • #41556
    aonghus
    Participant

    N’fheadar an mbeadh an “mo” de dhíth fiú.

    Deartháir máthair dom é.

    A Bhríd Mhóir, cad a bheadh agaibh in áit nia & neacht mar sin? Agus an mbíonn “col” in úsáid agaibh? Luaitear “col beirte” agus “col triúir” in san Béal Beo ach ní dóigh liom go bhfaca mé áit ar bith eile iad.

    #41557
    Lughaidh
    Participant

    Tà sin suimiùil, cha rabh’s agam gur focal annamh a bhì ann.
    Fuair mè cupla sompla dò i dtèacsannaì as Tìr Chonaill.

    Chuartaigh mè “nephew” agus “niece” i bhfoclòir Mhic Cionnaith: ar dtùs bheireann sè “mac dearthàr” srl, agus i ndeireadh na sliochtaì bheireann sè “nia” agus “neacht” fosta, agus tà “C” agus uimhir ina ndiaidh, ie. ùsàidtear i gConnachta iad (ar a laghad). Ach nìl’s agam cà hàit.

    Deartháir máthair dom é.

    tà cuma aisteach air sin, dar liom.

    #41558
    Bríd Mhór
    Participant

    N’fheadar an mbeadh an “mo” de dhíth fiú.

    Deartháir máthair dom é.

    A Bhríd Mhóir, cad a bheadh agaibh in áit nia & neacht mar sin? Agus an mbíonn “col” in úsáid agaibh? Luaitear “col beirte” agus “col triúir” in san Béal Beo ach ní dóigh liom go bhfaca mé áit ar bith eile iad.

    nia – “mac deirféar/deartháir ” srl

    “col beirte” agus “col triúir” – Ní chuimhním iad sin a chloisteáil. Cuirfidh mé ceist ar mo dhreartháir.

    col ceathrar / col cúigear / col séasúir – first cousin, first cousin once removed, second cousin – úsáidtear iad sin go minic.

    #41559
    Aislingeach
    Participant

    :bug: curiouser and curiouser…..Now I don’t feel so bad that I couldn’t figure out how to say it.

    #41560
    Cúnla
    Participant

    Sea a Bhríd, caraid liom as Ceantar na nOileán is ní raibh fhios aici na focla úd “nia” agus “neach” a bheith ann chor ar bith nó gur phós sí múinteoir.

Viewing 5 posts - 31 through 35 (of 35 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.