Is there any difference in these?

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Is there any difference in these?

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • Author
    Posts
  • #36657
    Seáiní
    Participant

    A chairde

    An dtiocfadh le héinne inse domh an bhfuil difear idir na frásaí seo a leanas:

    Registration Form

    foirm chláraithe

    agus

    foirm chláracháin

    Could someone may be advise are these phrases both correct?

    GRMA!

    #44857
    Onuvanja
    Participant

    Seans gur “clárúchán” a bhí i gceist agat, seachas “clárachán”? Mara bhfuil dul amú orm, foirm mhalartach de “clárú” atá in “clárúchán”, mar sin déarfainn féin go mbeadh “foirm chlárúcháin” chomh ceart leis an leagan caighdeánach “foirm chláraithe”.

    #44858
    Seáiní
    Participant

    Tá an ceart agat, ‘clárúchán’ a bhí i gceist agam.

    Shíl mé gur leagan eile ar an rud céanna é.

    Grma as sin, measaim go bhfuil an ceart agat.

    #44859
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Tá an ceart agaibh. Is minic a fheictear leaganacha éagsúla d’fhocail ar nós sin. Ciallaíonn an ceann amháin “form of registering” agus an ceann eile “form of registration” – difríocht mhíshuntasach, a deirimse 😉

    #44860
    Onuvanja
    Participant

    Hmm, is fíor dhuit, ceapaim, a Héilics. Mar a deir tú is beag difríocht atá idir “chláraithe” agus “chlárúcháin” sa gcás seo, ach ní bheadh an dá rud feiliúnach i gcónaí. Mar shampla:

    1) Ní mór do chách clárú roimh thús na bliana.

    2) Déanann an Oifig gach clárúchán a stóráil ar an bhfreastálaí.

    Ar an ngníomh (“registering”) atá an bhéim sa gcéad abairt, ach toradh an ghníomh nó fianaise gur chláraigh tú leis an Oifig (“registration”) atá i gceist sa dara ceann.

    #44867
    Seáiní
    Participant

    Grma Heilics

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.