Tá leabhar a scríobh Tomás Ó Máille dár teideal ‘Urlabhraidheacht, Cuid I’ ceannuighthe agam le déidheanaighe. An mbeadh a fhios ag éinne ar foillsigheadh cuid II riamh? Chuadhas i muinghin Google ach ní bhfuaireas aon tagairt dó.
Glacaim leis gur ‘Litríocht’ atá i gceist agat. Tá sé cuarduighthe agam agus suidhimh eile dá leithéid.
Is dócha nach ann do chuid II ar aon chor. Más buan mo chuimhne do fuair an Máilleach bás agus é measartha óg – is féidir ná raibh sé d’am aige an dara cuid a chur i gcrích.