A chairde
Cé acu atá i gceart….
Leis an tsaoire
Nó
Leis an saoire
leis an tsaoire
Tuigim gur focal baininscneach atá ann – saoire
Ach an leanann an riail thíos le gach réamhfhocal agus an t-alt?
Msh
Ar an tseanbhean
Ag an tsiúr
Focail bhaininscneacha iad freisin.
Srl
Tuigim go bhfuil difríochtaí ann sna canúintí srl. Ach leis an, ón , faoin srl
An siúlann ‘t’ leo chomh maith?
Grma
Siúlann, ar ndóigh.
Nuair a shéimhítear, cuirtear ‘t‘ i gcónaí roimh ‘s‘ sna hainmfhocail bhaininscneacha.
Cuirtear ‘t‘ roimh ‘s‘ sna hainmfhocail bhaininscneacha i gConnachtaibh, cé go n-úraítear ansin.
Agus cuirtear ‘t‘ roimh ‘s‘ sna hainmfhocail fhirinscneacha freisin in Ultaibh agus tar éis ‘den’/’don’ agus ‘sa’ sa Mhumhain (i gcás go séimhítear).
Ní chuirtear ‘t‘ roimh ‘s‘ sna hainmfhocail (bhaininscneacha agus firinscneacha) sa Mhumhain nuair a úraitear tar éis réamhfhocail agus an ailt.