Liadain/liadan/liadáin- cé acu is traidisiúntaí?!

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Liadain/liadan/liadáin- cé acu is traidisiúntaí?!

Viewing 10 posts - 1 through 10 (of 10 total)
  • Author
    Posts
  • #36535
    Silini
    Participant

    Tá cara liom Ag smaoineamh ar an ainm seo den a leanbh atá le teacht… An bhfuil fhios Ag éinne cé acu litriu is fearr?? Cheapas féin go mbeadh Liadain níos fearr… Grma

    #43920
    Onuvanja
    Participant

    Is é “Líadain” an litriú a bhaintear úsáid as sa mbunleagan atá curtha ar fáil ag Ollscoil Texas. Ach níl a fhios cén chaoi a mba chóir é a scríobh sa Nua-Ghaeilge, mar “liath” a scríobhtar, seachas “líath” sa lá atá inniu ann…
    http://www.utexas.edu/cola/centers/lrc/eieol/iriol-5-X.html

    Mé Líadain,
    rocharussa Cuirithir:
    is fírithir adfiadar.

    •mé — independent personal pronoun; 1st person singular I — I
    •Líadain — proper name feminine; nominative singular of Liadain — Liadain
    •rocharussa — verb; 1st person singular perfect indicative active, conjunct, syntactically relative, of loves + emphasizing particle 1st person singular I — I who have loved
    •Cuirithir — proper name masculine; accusative singular of Cuirithir — Cuirithir
    •is — verb; 3rd person singular present indicative, absolute, of copula is — it is
    •fírithir — adjective; equative of true — true exactly as
    •adfiadar — verb; present indicative impersonal singular, deuterotonic, of tells, relates — it is told

    #43921
    Silini
    Participant

    Go raibh míle Maith agat! Cheapas féin é sin mar dheineas blúirín beag staidéar ar an scéal sin.

    #43922
    Onuvanja
    Participant

    Ar aon nós, tá an chosúlacht ar an scéal nach mba cheart an síneadh fada a chur ar an “a” (Liadáin*), mar níl sé ann sa tSean-Ghaeilge. Ach, mar a deir mé, ní saineolaí mé.

    #43925
    Lughaidh
    Participant

    Líadain an litriù Sean-Ghaeilge, ach bì cùramach nò d’fhuaimneochthaì -d- mar “th” an Bhéarla (ins an fhocal “this”) eadar gutaì ag an am sin.
    [ʎiaðənʲ] (lyee-ahthuhnn)

    Dà scrìobhthaì Líadain le litriù an lae inniu agus leis an fhuaimniù mar a d’athraigh sè, scrìobhthaì “Liadhain”. Fuaimnithe “Lyee-uh-inn”, dar liom.

    #43926
    Silini
    Participant

    Mar sin ní ceart an fhuaim ‘d’/’th’ a bheith ann in aon chor??

    #43927
    Lughaidh
    Participant

    Braitheann sé, an bhfuil tù ‘g iarraidh fuaimniù mar i Sean-Ghaeilg nò mar i Nua-Ghaeilg? 🙂

    #43928
    Silini
    Participant

    Chun na fírinne a rá is cuma liom chomh fada is atá an litriu I gceart agam! Bfhearr liom an fhuaim ‘d’/’th’ i lár… Toisc go bhfuil sé níos fusa é a rá is dócha!!
    Táim buíoch as do chuid comhairle!!

    #43930
    Lughaidh
    Participant

    Beidh tù ar an bheagàn daoinì a bhfuil ‘s acu goidè mar a fhuaimnithear an t-ainm sin 🙂
    Nìl mòràn daoinì ‘tà àbalta Sean-Ghaeilg a fhuaimniù — fadhb chèarna leis na hainmneacha Sètanta agus Emer 🙂
    “Sèadanta” agus “Eimhear” a scrìobhfaì inniu, leis an fhuaimniù chèarna agus sa tSean-Ghaeilg (t eadar 2 ghuta = d, m eadar 2 ghuta = mh)

    #43931
    Silini
    Participant

    Bhuel is mó rud nua atá foghlamtha agam inniu pé scéal é! GRMA

Viewing 10 posts - 1 through 10 (of 10 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.