Linotype

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • Author
    Posts
  • #36443

    Haigh,

    Beagán am ó shin léigh mé alt i Vicipéid, a rug seanchuimhne ar ais leis.
    Bhí sé míle naoichéad ochtó cúig, nó ochtó sé. D’obair m’athair i dteach cló beag agus thóg sé mé ar cuairt ar a phost. D’obair mo mháthar i dteach sin freisin go na seachtóidí agus casadh sí ar m’athair ann, ach d’fhág sí as a post cúpla bliain roimhe a idiscar siad.
    Rinne mé iontas de na meaisíní móra ach bhí aon meaisín ann a tharraing m’iúl – an Linotype. Múnlaíodh línte chló leis as miotal cló le sreanga maitríse a leagadh i múnla le méarchlár. I ndiadh múnlú, shórtáil an meaisín na maitríse ar ais ina bhfánáin stóir.

    Bhí na línte múnlaithe réidh le húsáid i bhfáisceán beag plánach, ina úsáideadh bloic cló leithleacha freisin.
    Nó lagadh a lán línte sin (le bloic leithleacha más gá sin) i gcás mór agus múnlaíodh páipéir le gliú orthu, le claonchló a dheanamh as an teacs, agus múnlaíodh bart caol miotail ar an páipéar le leathán cló a deanamh. Úsáideadh leatháin sin i bhfáisceán rothlach mór.

    Cumadh an Linotype i míle ochtchéad ochtóidí agus bhí móréileamh air go míle naoichéad seascaidí – le seasca bliain ar a laghad, bhí sé lárnach don tionscal.
    Tá an miotal cló cómhiotal luaidhe speisialta le stán is antamón, a éirionn ina chruas oibrithe ón staid leachtach le fuarú a dhá cheinteagráid, dá bhfuil an chomhréir go ceart.
    (An bhfuil “Is miotal cló cómhiotal luaidhe speisialta é…” níos fearr?)

    Oibrionn an meicníocht shórtála le ráille sleamnaithe ar an taobh thuas de fhánáin stóir. Tá cód déanártha ar an ráille is na maitríse, agus nuair a tagann an maitrís ceart ar thuas a fhánáin, titeann sé siar.
    I mBéarla, tá an litir “e” chás íochtair is coitinne, agus bhí dhá fhánaín sa meaisíní Béarla leis an litir – agus bhi dhá chód ar an ráille is maitríse leis an litir freisin.
    Toisc go bhfuil an litir “a” chás íoctair is coitinne i bhFionlainnis, ceapaím go raibh dhá chód leis an “a” sa meaisíní Fionnlainnise, ach níl mé cinnte. Bhí charactair iontu nach raibh i meaisíní Béarla ar aon nós.

    Táim beagnach cinnte go raibh a lán teacs leagtha as Gaeilge le Linotype idir na seasca bliain ratha – agus go raibh maitríse le gutaí fada is consain poncáilte (?) i meaisíní Gaeilge. An bhfuil a fhios ag aon duine?

    Gabhaigí mo leithscéal le mo dhroch-Gaeilge. Tá fáilte roimh cheartúcháin.

    FF

    #43022
    aonghus
    Participant

    Tá an miotal cló cómhiotal luaidhe speisialta le stán is antamón, a éirionn ina chruas oibrithe ón staid leachtach le fuarú a dhá cheinteagráid, dá bhfuil an chomhréir go ceart.

    Cóimhiotal as luadh ar leith le stán agus antamón an miotal cló; is leor a theas a laghdú de dhá chéim ón staid leachtach chun é bheith crua go leor chun oibre.

    #43023

    GRMA a Aonghuis! Copail gan is é. (?)

    #43031

    D’áirigh mé litreacha sa céad paragraf mo théacs agus fuair mé torthaí seo (is féidir go rinne mé dearmad le aon nó dó):

    a=77
    i=61
    e=34
    n=34
    h=33
    s=32
    o=26
    r=26
    m=23
    l=21
    t=21
    c=19
    d=16
    g=14
    u=12
    b=8
    p=4
    f=3
    v=1
    y=1

    Leis na torthaí, tá “a” an litir is coitinne i nGaeilge, agus tógann “i” an dara ionad (?). Cé go n-úsáidtear “h” ionad poinc, tá sé ar an ceathrú nó cúigiú ionad ar an liosta. Is féidir go rinneadh maitríse Gaeilge le gnáthlithreacha sa gnáthionad agus litreacha fada nó poncáilte san ionad gabhálais – ach níl mé cinnte. I gcás sin, ní gá meagaisíní a athraigh le fada nó ponc a leagadh. Rinneadh an ionad gabhálais le litreacha iodálacha nó troma de ghnáth. Bhí an cás uachtair ar a maitríse féin.

    #43032
    aonghus
    Participant

    Pléadh an cheist seo fadó:

    Féach m.sh:
    http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=12465&post=11090#POST11090

    Rinne Kevin staidéir ar mhinicíocht litreacha do scrabble 3D

    Ní cuimhin liom go baileach na torthaí (agus bhí sé ag áireamh litreach séimhithe mar litir amháin)

    http://sourceforge.net/apps/mediawiki/scrabble/index.php?title=Configuration:Letters/ga

    #43033
    aonghus
    Participant

    Liosta eile: tagann sé leis an méid a shíleann tú.

    http://www.sttmedia.com/characterfrequency-irish

    #43034

    An-spéisiúil! Déanann mo dheartháir crosfhocail agus profáilím iad dó. Tá “AITNESLOKUÄM” an seicheamh ísliteach minicíochta den dódhéag litir is coitinne i bhFionnlainnis le fíorthéacs. Tá difríocht beag idir é agus an seicheamh atá níos coitinne le crosfhocail. I bhfíorthéacs, áirítear litreacha trí gach focal, ach áirítear gach litir i gcrosfhocal uair amháin de gnáth. Ina theannta sin, crosann na focail go dóchúla (?) i gcorrláithreacha ná réláithreacha, agus tá lithreacha áirithe níos coitinne i gcorrláithreacha. Tá AITNES mhaith le tosú ar cripteophuzal a réitigh, ach cúpla mí ó shin rinne mo dheartháir puzal gan A…

    Conas a láimhseáiltear litreacha fada nó sheimhithe i gcrosfhocail Gaeilge?

    Agus níl QWERTY-méarchlár ar an Linotype – ETAOIN-SHRDLU atá ann (i mBearla) agus ceapaim go bhfuil AITNES nó mar sin i bhFionlainnis. Tá orm glaoigh ar m’athair agus ceist a chur dó.

    #43081

    Ghlaoigh mé ar m’athair.

    Bhí cuimhne air nach bhfuil méarchlar dífriúl ar an meaisín Fionnlainnise, ach ETAOIN freisin. Tá an leagan Fionnlainnise déanta as an leagan Gearmáinise (an leagan is coitinne san an Eoraip Mhór-roinneach) le difríochtaí beaga:
    -Tá fánán amhain le “e” ar F agus G
    -Níl an litir ß (“ss”) ar F – agus is féidir nach bhfuil an litir ar G ceachtar, ach úsáidtear maitrís speisialta
    -Is féidir go bhfuil an “å” ar maitrís speisialta freisin

    Tá an cód 127 ar maitríse speisialta nach titeann sa meagaisín ach ina bhfánán féin, agus roghnaítear iad le lámh uaidh.

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.