Is maith liom Gaeilge a bheith agam ar earraí a cheannaím go rialta óna siopaí. Cuirim SPRAEÃIL DROMCHLA ar SURFACE SPRAY, ‘ciarsúir páipéir’ ar paper hankerchief/tissues Tá go leor na dtéamaí ar focal.ie ach mo ceist ná cad é ‘Cling Film’ nó ‘Cling Wrap’? Tá ‘sceo’ agam cinnte. sceo sceonna – film,brat éadrom tanaí – F4 Ach níl briathar oiriúnach agam ar ‘cling’. Ceapaim go bhfuil gá le ‘clingeáil’ a bheith ann. Bheadh sé seo úsáideach do lucht leanúna Startrack chomh maith. Ha Ha. An bhfuil eolas níos fearr ag éinne faoi seo?
Maith agat. Tá an dhá leagan a luaigh tú spéisiúl agus bhféidir oiriúnach. Ach ceapaim go bhfuil an ainmfhocal ‘sceo’ an ceann níos beaichte i leith ‘film’. Tá sé deacair ‘cling’ a chur ar cloígh. Tá an stuif atá i gceist ainmnaithe i mBéarla de réir an feidhm agus úsáid atá aige agus ceapaim gur ceart chun ainm Gaeilge chomh praiticiúl sin a ceapadh dó. Cad tá uaim ach briathar leis an brí céanna le ‘cling’.
Seans go bhféadfá rud eicínt a chumadh ó “greamaigh”. Tá an focal “greamaitheach” ann freisin, ciallaíonn sé “grasping, adhesive, sticky”. Mar sin, céard faoi “scannán greamaitheach”?
PS. Scríobh mé an rud céanna anseo aréir, ach tá an chosúlacht ar an scéal go ndearnadh é a scriosadh… Níl a fhios ‘am cé a rinne é nó cén fáth.