Logiciel – ceist ar Lughaidh & ceist ginéarálta tearmaíochta

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Logiciel – ceist ar Lughaidh & ceist ginéarálta tearmaíochta

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36228
    aonghus
    Participant

    Bhí mé a caitheamh sracfhéachaint ar an Foclóir Póca a thiomsaigh Lughaidh:

    http://www.leabharbreac.com/leabhair.html?pID=54 (Molaim an leabhar! Cé nach bhfuilim iomlán tógtha leis an ceangal, b’fhearr liom rud níos buanseasmhaí)

    Thug mé faoi deara gur “earra bog” atá ann ag freagairt do logiciel (i. software)

    Bogearra a bheadh agamsa ar sin, agus níl a mhalairt feicthe agam áit ar bith. Is eol dom go bhfuil tú go láidir den tuairim nach bhfuil an múnla “aidiacht + ainmfhocal -> comhfhocal” in úsáid i nGaeilge na Gaeltachta níos mó.

    Ach an bhfuil foinse agat do “earra bog” leis an ciall sin? Rud éigin bog a bheadh tuigthe agam as sin!

    Fiosracht, ní fonn achrann atá do mo spreagadh, ag eagla na míthuisceana

    #41656
    Lughaidh
    Participant

    Rud éigin bog a bheadh tuigthe agam as sin!

    just as a “software” should be “soft”. Nìl in “bogearra” ach “software” aistrithe focal ar fhocal (in ord na bhfocal Béarla…)

    Cibith, cuartaigh “earra bog” ar Ghoogle agus gheobhaidh tù cupla sompla…

    #41661
    Bríd Mhór
    Participant

    “bogearra” / “earra bog”
    Feicear domsa gur b’é an míniú céanna atá leob.

    Roimh ré na ríomhairí cén míniú a thuigfeadh duine le software? Ní raibh aon chiall leis. An gceapfadh duine gur braillíní nó tuáillí a bhí i gceist? Ar an gcaoi céanna níl míniú faoi leith le “earra bog” i nGaeilge ach amháin an míniú ríomhaireachta.
    Ar ndóighe sé “”bogearra” an téarma Caighdeánach.

    #41662
    Lughaidh
    Participant

    Nìl mè cinnte an bhfuil focla caighdeànacha ann, is è an CO liosta rialacha gramadaì agus leitrithe, ach nì dòigh liom go bhfuil liosta ar bith, in àit ar bith, ina mbeadh sè scrìofa “seo na focla caighdeànacha, sin focla nach bhfuil caighdeànach”.
    I dtéacs scrìofa sa ChO, sìleam go nglacfaì le “bogearra” gomh maith le “earra bog”. Ach is fìor a ràidht gur cosùil gur maith leis an Choiste Tèarmaìochta na focla cumtha bunoscionn, ie. in ord an Bhéarla, mar a d’ùrt muid.

    #41667
    aonghus
    Participant

    Tá an méid sin faoi liosta focail “caighdeánach” cruinn, ach tá dar ndóigh moltaí an Choiste Téarmaíochta ann. Moltaí nach mbíonn féin i gcónaí fabhrach dóibh toisc nach léir saineolas ar an ábhar i gcuid acu.

    An chúis gur chuir mé an cheist ná nár léigh mé riamh “earra bog” leis an gciall “logiciel”

    Ach chím go bhfuil roinnt samplaí sa Chorpas.

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.