Fáilte (Welcome) › Forums › Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) › M’ainm as Gaeilge
- This topic has 9 replies, 1 voice, and was last updated 10 years, 6 months ago by
Ciarán1212.
-
AuthorPosts
-
December 2, 2012 at 4:27 am #36426
Ciarán1212
ParticipantDia dhaoibh,
Is mise Ciarán, seo é mo chéad foilsiúchán anseo, agus tá ceist agam daoibh. Is é mo shloinne Harper, agus ba mhaith liom Gaeilge a chur air. Tá a fhios agam nach ainm Gaelach ann ó thaobh sanasaíocht, agus an fhírinne a dhéanamh, nílim cinnte faoi cá háit ón a thagann sé, ach ba mhaith liom saghas aistriúcháin a bheith agam ar aon nós. B’fhéidir go mbeadh “Mac na Cruitire” nó “Mac na Cláirseora” ceart go leor? An bhfuil aisriúchán caighdeánach nó normalta ann?
Go raibh míle maith agaibh as bhur gcabhair!
December 2, 2012 at 2:14 pm #42933aonghus
ParticipantTá na focail Cruitire agus Cláirseoir araon firinscneach
http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cruitire&GotoID=focloirbeag
Mac an Chruitire
Mac an ChláirseoraNíl ceachtar cloiste agam, mar shloinne.
December 2, 2012 at 2:20 pm #42934aonghus
ParticipantPléadh an cheist ar Gaeilge B fadó is cosúil
https://listserv.heanet.ie/lists/gaeilge-b/gaeilge-b.ind0805
(Deacair a léamh, ach ní bhfuair mé leagan níos fearr)
December 2, 2012 at 2:40 pm #42935Ciarán1212
Participant
Tá na focail Cruitire agus Cláirseoir araon firinscneach
http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cruitire&GotoID=focloirbeag
Mac an Chruitire
Mac an Chláirseora
Níl ceachtar cloiste agam, mar shloinne.Níl a fhios agam cén fáth a cheap mé gur baininscneach é.
Pléadh an cheist ar Gaeilge B fadó is cosúil
https://listserv.heanet.ie/lists/gaeilge-b/gaeilge-b.ind0805
(Deacair a léamh, ach ní bhfuair mé leagan níos fearr)
Go raibh míle! So, dar leis an nasc sin, is “le harpur” é an leagan is fearr? Nó an ceapann tú gurbh ait é mar sloinne nua-aimseartha? (dúirt sé gurbh ainm Normanch é a úsáidtear sa Meán-Ghaeilge, nach ndúirt?)
December 2, 2012 at 2:46 pm #42936aonghus
ParticipantNí an leagan is fearr, ach (ceann de na) bunleagan.
Sloinnte Gairmiúla coitianta sna teangacha Gearmánacha.
December 2, 2012 at 3:11 pm #42937Ciarán1212
ParticipantNí an leagan is fearr, ach (ceann de na) bunleagan.
Sloinnte Gairmiúla coitianta sna teangacha Gearmánacha.
Harper? B’fhéidir gu bhfuil sé, ach tá stáir chasta ag an sloinne “Harper” in Éireann, dar leis an méid taighde atá déanta agam (ach, déanta na fíreanna, níl an iomarca déanta agam). Tá dhá shórt “Harper” le fáil, ceann amháin a thagann anseo leis na Normanaigh (“le Harpur”) agus ceann eile a thagann ó hAlbain (is dóigh le linn na Phlandálacha), agus sna cásanna sin, ba aistriúchán ó Gaeilge na hAlban an sloinne de cuid mór de na “Harpers”. Mar sin, b’fhéidir gur chóir dom ainm Gàidhlig a úsaid?
December 2, 2012 at 3:23 pm #42938aonghus
ParticipantAn ceann seo?
December 2, 2012 at 4:26 pm #42939Ciarán1212
ParticipantAn ceann seo?
Is deacair an rud é ná idirdhéalú a dhéanamh. Tá a lán foinsí den ainm “Harper” ann. [url=http://en.wikipedia.org/wiki/Harper_(name)]Sa suíomh seo[/url], mar shampla, deir sé gur sloinne Albanach agus Gearmánach é ( le foinsí difriúil, ar ndóigh), deir [url=http://www.houseofnames.com/harper-family-crest]an ceann seo[/url] an rud céanna (maidir leis an ainm Albanach), agus deir [url=http://www.surnamedb.com/Surname/Harper]an ceann seo[/url] gurb ainm Normanach nó Sacsanach é (aríst, le foinsí difriúil). Leis an ainm mar a tá sé in Éireann, creidim gurb é an rud is dóchúla ná gurb ainm Normanach nó Albanach é. B’fhéidir gur traslitriú “McWhirter” agus aistriúchán “Harper” den sloinne céanna?
December 2, 2012 at 4:30 pm #42940aonghus
ParticipantÓ tharla go raibh Cláirsí ar fud na háite, gach seans gur thosaigh an sloinne go neamhspleách in áiteanna éagsúla. Agus go raibh foirmeacha éagsúla ann.
Bhuail Dubhghlas de hÍde le fear tráth a thug Bird ar féin. Mac Con Aoire a bhí air ó cheart!
Mac Con Aoire > Canary > Bird!
December 2, 2012 at 4:49 pm #42941Ciarán1212
ParticipantÓ tharla go raibh Cláirsí ar fud na háite, gach seans gur thosaigh an sloinne go neamhspleách in áiteanna éagsúla. Agus go raibh foirmeacha éagsúla ann.
Is í m’fhadhb í sin. Cén foinse atá ag mo shloinne-se?
Bhuail Dubhghlas de hÍde le fear tráth a thug Bird ar féin. Mac Con Aoire a bhí air ó cheart!Mac Con Aoire > Canary > Bird!
🙂
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.