Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › Má agus Dá….má thiocfadh, dá dtiocfadh
- This topic has 8 replies, 1 voice, and was last updated 9 years, 12 months ago by Seáiní.
-
AuthorPosts
-
April 25, 2014 at 9:32 pm #36722SeáiníParticipant
A chairde
Táim ag iarraidh cuidithe….
Anois mar tús an scéil, tuigim go leanann ‘dá’ leis an mhodh coinníollach agus ‘má’ leis na haimsirí eile, den chuid is mó.
Áfach
Níl mé go foill cleachta leis na clasáil choinníollacha oscailte agus druidte (iata).
An mbeadh duine ar bith anseo a bhfuil nótaí maithe aige/aici, ar an ábhar seo?
Mar shampla
Má thiocfadh leis ….
Agus
Dá dtiocfadh leis….
Tá a fhios agam nach go hiomlan soiléir an achainí seo.April 25, 2014 at 9:51 pm #45175Héilics ÓrbhuíParticipantDe réir mo thuisceana,
má thagann
má thiocfaidhach
dá dtiocfadh
B’fhéidir go bhfuil an scéal níos casta ná sin.
April 25, 2014 at 9:58 pm #45177SeáiníParticipantAr an drochuair, sílim go bhfuil an cás giota beag níos casta.
Mar shampla, tháinig mé ar seo
Má thiocfadh leis míorúiltí a dhéanamh, is mór an trua nár chuidíodh sé linn
April 25, 2014 at 11:48 pm #45179LabhrásParticipant
Anois mar tús an scéil, tuigim go leanann ‘dá’ leis an mhodh coinníollach agus ‘má’ leis na haimsirí eile, den chuid is mó.Is féidir leis an modh coinníollach “má” a leanúint freisin. (Ach ní leanann aon aimsir eile an conasc “dá” ach an modh coiníollach agus an modh foshuiteach caite.)
Go príomha, is í úsáid na gconasc “má” nó “dá” nach mbraithim ar an modh/aimsir ach ar an gcoinníoll (oscailte nó iata): “má” le coinníoll oscailte, “dá” le coinníoll iata.Is féidir a rá:
Má: má thagann, má tá sé ag teacht, má tháinig, má thiocfadh, …
Maidir leis an aimsir fháistineach: Ní deirtear “má thiocfaidh” ach “ma thagann” – tagadh sé anois nó tagadh sé san am atá le teacht.
Dá: dá dtiocfadh, dá dtagadh.April 26, 2014 at 10:53 am #45180SeáiníParticipantGrma a Labhráis
Seo go díreach an rud atá i gceist agam. Níl mé cinnte go fóill fá clasál oscailte agus fá clasál iata.
Ach tuigim formhór do chuid anseo.
An dtiocfadh leat cúpla sampla a thabhairt a mbeadh ’má’ agus an modh coinníollach iontu?
Mar shampla, tá seo agam
Má thiocfadh leis míorúiltí a dhéanamh, ní chuidíodh sé linn. (Oscailte)
April 26, 2014 at 1:28 pm #45181Héilics ÓrbhuíParticipantCúpla sampla ó fhoclóir Uí Dhónaill:
“má”2. (Used instead of dá with conditional or subjunctive) ~ bheadh imní uirthi ghuíodh sí Dia, if she were in a state of anxiety she prayed to God. ~ bheadh eagla airsean cé air nach mbeadh? If he were frightened who wouldn’t be? Dúirt sé má chasfadh sé liom go dtabharfadh sé an scéala dom, he said that if he met me he would give me the message.
Ní thuigim ar chor ar bith cén fath nach n-úsáidtear “dá” anseo, ach sin é 😉
April 26, 2014 at 2:18 pm #45182SeáiníParticipantGrma a Héilics
Má chasfadh sé liom….
Sílim go mbraitheann sé ar dhearcadh nó thuairim an chainteora; is é sin le rá …. Baintear úsáid as ‘má’ le cur in iúl go síleann an cainteoir gur dócha nó gur féidir nó nach bhfuil a fhios aige go cinnte cibé ar bith, an gcasfadh sé leis nó nach gcasfadh. (Ach is féidir – mar sin tá clasál coinníollach oscailte i bhfeidhm ‘má’)Dá gcasfadh sé liom ….
Sílim go mbaintear úsáid as ‘dá’ le tabhairt le fios nach síleann an cainteoir gur féidir go gcasfadh sé leis, nó tá fhios aige nár chas sé leis.
Má bhaintear úsáid as ‘dá’, tá an cainteoir á maíodh nach raibh cruinniú eatarthu ann, go cinnte, nó nach dócha go mbeidh/go mbeadh cruinniú ann.Níl mé 100/100 air seo. Ach má tá duine ar bith eile ar an eolas seo, bheinn buíoch as cúpla sampla eile a bhfuil briathra eile in úsáid iontu. (Seachas ‘bí’ , mar go bhfuil sé againn thuas grma!)
April 26, 2014 at 2:47 pm #45183Héilics ÓrbhuíParticipantGrma, leigh me an leathanach Nualeargais chun tuiscint nios iomlaine a fhail agus is e mar a mhinionn se e chomh maith. Is annamh a fheicimse “ma” roimh an modh coinniollach.
April 26, 2014 at 3:00 pm #45184SeáiníParticipantSin é a Héilics, go díreach an rud a shíl mise chomh maith. Is beag cás a fheicimse féin fosta.
Bhí ‘dá’ in úsáid agam i gcónai nuair a bhí coinníoll i gceist, ach anois is cosúil go raibh mé contráilte agus is féidir ‘má’ a úsáid beag beann ar an mhodh coinníollach, ach ag braith ar thuairim an chainteora nó ar an eolas atá an cainteoir a iarraidh a chur in iúl.
(I bhfocail eile, mar a duirt Labhrás….Braitheann sé ar an choinníoll agus cé acu atá sé oscailte nó iata)
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.