Make love

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 19 total)
  • Author
    Posts
  • #36459
    Onuvanja
    Participant

    While browsing the new English-Irish dictionary, I came across the entry “make love” which, to my utter surprise, was rendered as “gnéas a bheith agat le”. Is that really how people speak nowadays? If that’s not Béarlachas, I don’t know what is… Dear native speakers, please tell me that’s not true! 🙂

    Céard faoin iliomad leaganacha dúchasacha atá ar fáil sa nGaeilge leis an rud sin a chur in iúl?

    #43161
    Lughaidh
    Participant

    Bèarlachas amach is amach…
    Agus nìl mè cinnte fèin go gciallann gnèas “sex” leis an chiall sin. Is dòigh liom go gciallann sè “sex” leis an chiall “fear nò bean” (cf Webster online: “either of the two major forms of individuals that occur in many species and that are distinguished respectively as female or male especially on the basis of their reproductive organs and structures “), nì leis an chiall “sexuality” nà “sexual intercourse”…

    Gnèas a bheith agat le duine = to own a sex/gender with someone… which doesn’t mean anything

    It’s a double Bèarlachas. It’s a pity they put stuff like that in the dictionary, because everybody will believe it’s right and mistakes will spread. There was no mistake like that in De Bhaldraithe…

    #43163
    aonghus
    Participant

    Ceart agaibh ach faraor tá an Béarlachas sin buanaithe san meamraiméis agus aistriúcháinis; is dócha gur mar sin a shleamhnaigh sé isteach.

    Tá na leaganacha dúchasacha ann freisin, m.sh luigh siad le chéile agus Suirí a dhéanamh.

    Scata eile faoin bhfocal is coitianta sa Bhéarla freisin!

    #43166
    Onuvanja
    Participant

    Bhuel, b’fhéidir gur gá leis an bhfocal “gnéas” scaití. D’fhéadfá “caidreamh collaí” a rá in áit “caidreamh gnéis”, ach céard a dhéanadh muid le “gnéaseolaí”, “coireacht ghnéis”, “claonadh gnéis” srl? Mar sin féin, ní fheicim bunús ar bith le “gnéas a bheith agat le” agus a léitheid.

    Dála an scéil, thug mé faoi deara go bhfuil “some people!” (exclamation) aistrithe mar “daoine áirithe!”. “A léitheide de dhuine” a bheadh agamsa…

    #43167
    aonghus
    Participant

    Cuma ar sin gur botún atá ann cgl.

    aiseolas@focloir.ie!

    #43170
    aonghus
    Participant

    Tá cumasc ann freisin.

    Is fiú, sílim, aiseolas a thabhairt dóibh maidir leis na pointí seo.
    Ach, mar a dúirt thuas, tá an togra bunaithe ar chorpais – ach ní dóigh liom go ndearna siad gortghlanadh orthu; cé go bhfuil cuid mhaith de na nathanna samplacha blasta.

    mar shampla:
    http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/turn?advSearch=1&q=dlíonn&inlanguage=ga#turn__163

    Dlíonn comaoin cúiteamh

    #43172
    Lughaidh
    Participant

    Suirí a dhéanamh.

    sin “to make love” leis an tseanchiall ie. to flirt, to court, nach ea?

    Bhuel, b’fhéidir gur gá leis an bhfocal “gnéas” scaití. D’fhéadfá “caidreamh collaí” a rá in áit “caidreamh gnéis”, ach céard a dhéanadh muid le “gnéaseolaí”, “coireacht ghnéis”, “claonadh gnéis” srl?

    dàla an scèil, an bhfuil a fhios ag duine ar bith goidè mar a scrìobhfaì “gnèas” sa tseanlitriù? Chan fhaghaim è i bhfoclòir Dinneen ar chor ar bith!

    #43173
    Onuvanja
    Participant

    Is fiú, sílim, aiseolas a thabhairt dóibh maidir leis na pointí seo.
    Ach, mar a dúirt thuas, tá an togra bunaithe ar chorpais – ach ní dóigh liom go ndearna siad gortghlanadh orthu; cé go bhfuil cuid mhaith de na nathanna samplacha blasta.

    Sin é go díreach! Sárobair atá ann don chuid is mó, ach corruair níl cuma ná caoi ar an aistriúchán. Mar a deir tú, tá gortghlanadh ag teastáil! Deánta na fírinne, ní thuigim cén fáth ar fhoilsidh siad iontrálacha gan iad a sheiceáil. Ar cheap siad go bhféadfaidís na ceartúcháin a fháil uainn saor in aisce mar sin?

    #43174
    Lughaidh
    Participant

    Ha ha ha, sin ceist mhaith!

    #43175
    aonghus
    Participant

    Ní raibh aon ghnéas in Éirinn roimh theacht na teilifíse! 😉

    Tá an cheart agat maidir le suirí.

    Is cosúil gur innscne & saghas atá ag Dinneen (Bunaithe are sex a chuardach anseo – fainic na botúin OCR san freagra)
    http://glg.csisdmz.ul.ie/index.php?find=English

    Gheobhaidh tú roinnt focail ann faoi “carnal intercourse”

    Sleith: luí le bean gan a toil ná í bheith ar an eolas!

    Clannuighim: luí le duine nó leanaí a ghineadh.

    lánamhnas: luí le chéilke ach freisin bheith i lánúin.

    #43176
    Lughaidh
    Participant

    Ach nach rabh an focal “gnèas” ann sular foilseadh De Bhaldraithe nò Ò Dònaill?
    Tà cuma dhùchasach air mar sin fèin…

    #43177
    Onuvanja
    Participant

    dàla an scèil, an bhfuil a fhios ag duine ar bith goidè mar a scrìobhfaì “gnèas” sa tseanlitriù? Chan fhaghaim è i bhfoclòir Dinneen ar chor ar bith!

    Níl ann ach buille faoi thuairim, ach b’fhéidir gurb as an bhfocal “gné” a d’eascair “gnéas”???

    #43178
    aonghus
    Participant

    Ar cheap siad go bhféadfaidís na ceartúcháin a fháil uainn saor in aisce mar sin?

    Bhuel, ní bheadh sé iomlán saor in aisce. Ach cén dochar – mar sin a oibríonn forbairt scoth na mbogearraí ar an idirlíon!

    Ach freisin, is ceist fealsúnachta é: an taifid ar úsáid nó moladh úsáide atá i gceist? (Níl fhios agam cén seasamh atá acu – bheadh claonadh ormsa “dímholta” a chuir le nathanna áirithe ach iad a fhágáil ann)

    #43179
    aonghus
    Participant

    Tá comhriachtain (intercourse) ag Ó Dónaill. Níl fhios agam faoi gnéas.

    Ní mór cuimhneamh gurbh ré sách Piúratánach, go háirithe sa Bhéarla, a bhí san re úd in Éirinn.

    (Mar shampla: bhí cosc ar aistriúcháin a rinne Frank O’Connor ar chuairt an mhéan oíche – ní raibh ar an mbunleagan!)

    #43180
    Lughaidh
    Participant

    Ar cheap siad go bhféadfaidís na ceartúcháin a fháil uainn saor in aisce mar sin?

    Bhuel, ní bheadh sé iomlán saor in aisce.

    bhì sè ‘g iarraidh a ràidht go gcuideochaidh na hùsàideoirì leofa feabhas a chur ar an fhoclòir gan pingin a thabhairt daofa… Is ceartaitheoirì gan tuarastal muidinne!

Viewing 15 posts - 1 through 15 (of 19 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.