Cur Síos: Mar chuid den Scoláireacht / Intéirneacht seo, tá céim Máistreachta (M.Phil) i bPróiseáil Urlabhra agus Teanga á cur ar fáil d’iarratasóirí. Máistreacht mhúinte atá inti a bheadh ar fáil go páirtaimseartha thar dhá bhliain (féach: https://www.tcd.ie/slscs/postgraduate/taught- courses/speech-language-processing/). Chomh maith le seo, beidh taighde ar siúl ar bhonn páirtaimseartha ag an té a cheapfar, ag obair le foireann ABAIR ar na glórtha sintéiseacha agus á gcuir in oiriúint d’acmhainní urlabhra don Ghaeilge (féach: http://www.abair.ie).
à Lorg: Duine le céim san innealtóireacht, sa ríomheolaíocht (nó i réimse gaolta leo) agus a bhfuil ardscileanna aige/aice i bpróiseáil dhigiteach fuaime, i ríomhchlárú agus sa mhatamatic. Cé nach riachtanaisí don phost iad, is buntaiste é má tá cúlra ag an iarratasóir i bpróiseáil urlabhra, measínfhoghlaim agus fisic na fuaime. Ní mór Gaeilge a bheith ar a thoil ag an iarrasatóir, agus suim faoi leith i dteicneolaíocht na hurlabhra don Ghaeilge. Cuirtear fáilte faoi leith roimh iarratais ó chainteoirí dúchais.
Scoláireacht: €13,000 in aghaidh na bliana + táillí an chúrsa M.Phil.
Foinse Maoinithe: Is le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar chuid den
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá na scoláireachtaí seo á gcur ar fáil.
Tuilleadh eolais: http://www.abair.tcd.ie/post/inteirneacht.pdf