Mioscais na gCumar.

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • Author
    Posts
  • #36515
    An Lon Dubh
    Participant

    Ar léigh éinne anso “Mioscais na gCumar”? Leabhar ‘sea é a chóirigh Máirtín Verling, an fear a scríobh “Leabhar Mhaidhc Dháith”. Tá béalóideas, scéalta, paidreacha agus amhráin ó Bhéarra bailithe ins an leabhar (is iad na scéalta is fearr liom ná na cinn mar gheall ar na púcaí). Ní raibh an-aithne agam ar chanúint Bhéarra sarar léas an leabhar, tá sí cosmhail le Gaelainn Oileán Chléire, im’ thuairim (ach ní saineolaí mise!). Tá dlúthdhíosca leis an leabhar go bhfuil trí thaifead déag de chainteoirí dúchaise air leis.

    #43769
    Wee_Falorie_Man
    Participant

    Tá an leabhar san agam, ach níor léas í fós.

    Ní féidir liom í á léamh toisc go bhfuil an leabhar san ana-dheacair agus níl mórán Gaolainne agam. :red:

    #43800
    An Lon Dubh
    Participant


    Tá sé thuas ar an seilp anso agam ach níl oiread is leathanach do léite fós agam. An bhfuil aon mhaith ann?

    Tá, gan amhras. Is breá liom leabhair de’n tsórd so, seanchas ósna canúintí a fuair bás ag deireadh na naoú haoise déag nó ag tosach ná fichiú haoise, agus tá na scéalta féin ana-shuimiúil, mholfainn na scéalta fésna teidil “Púcaí agus Sprideanna” agus “Ainmhithe Neamhshaolta”.

    #43909
    Silini
    Participant

    Tá cuid de léite agamsa, sé m’athair a chóirigh é… Giotaí beaga suimiula ann! Tá an ghaelainn casta ach níos fusa ná cuid de na cinn eile a chóirigh sé!! Dheineas iarracht Gort Broc a léamh cúpla uair ach theip orm!

    #44017
    An Lon Dubh
    Participant

    Tá cuid de léite agamsa, sé m’athair a chóirigh é

    Ní foláir nó gur dhein sé a seacht ndícheall chun an mhéid sin a chóiriú!

    Giotaí beaga suimiula ann! Tá an ghaelainn casta ach níos fusa ná cuid de na cinn eile a chóirigh sé!! Dheineas iarracht Gort Broc a léamh cúpla uair ach theip orm!

    Táim díreach tar éis a cheannaithe, toisc gur luaigh tusa agus Carmanach é, tá súil agam ná teipfidh orm é a léamh, leis!

Viewing 5 posts - 1 through 5 (of 5 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.