Moomins

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • Author
    Posts
  • #36786

    Dia daoibh!

    Táim ar ais i ndiaidh dhá bhliain ach ní dhearna mé dearmad oraibh nó ar an Ghaeilge.
    Tá ceist agam daoibh: Cad a bhfuil na Moomin-trolls as Gaeilge?

    #45550
    Onuvanja
    Participant

    Céard faoi “Múimín” (iolra: “Múimíní”)? Níl mé cinnte faoi Moominpappa agus Moominmamma, áfach. B’fhéidir Athairmhúimín agus Máthairmhúimín? An bhfuil sé ar intinn agat Gaeilge a chur an an saothar úd?

    #45551

    GRMA a Onuvanja! Cheap mé freisin go bhfuil Múimín an ceart.

    Níl m’intinn chomh uaillmhianach, ach smaoin mé ar rud eile…
    An bhfuil na Múimíni ina gconaí i ngleann nó i ngleanntán? I n-aistriúchán Fionlainnis, tá an áit “[Muumi]laakso” (gleann) ach “-dale” i mBéarla nó “-dahl” i Sualainnís (gleanntán). Múimínghleanntán?

    Deirimid “ei ole XXXlla kaikki muumit laaksossa”, nó rud eile mar sin, faoi duine/daoine beagán bómánta (Níl gach múimín sa gleann ar XXX)

    Bhí Fionlannach eile ar ár bhfóraim cúpla bliain ó sin, “nach raibh gach múimín sa gleann air” (cheap mé). Ach níl mé an duine ceart ar daoine eile locht a fháil.

    #45554
    Onuvanja
    Participant

    Déarfainn féin gur gleann a bhí ann, más rud é go raibh sé sách mór, ach ní haon saineolaí mé i gcúrsaí na ngleann. 🙂 B’fhéidir Gleann na Múimíní, mar sin.

    #45565

    Ceapaim go bhfuil Athairmhúimín agus Máthairmhúimín maith go leor.
    Ach an Múimín beag, Múimínloitiméirín? Nó a “chailín” … Iníon Smúrfach? Tá “Niisku-neiti” uirthi i bhFionlainnis, ach ní bhfuair mé focal maith go leor le “sniffle”, “sniff” amháin. Ceapaim go bhfuil smúr faoi boladh a bhraith in ionad an fuaim a dhéanamh.

    #46437
    gerrynobody
    Participant

    Rinne mé iarracht leathanach Vicipéide a chruthú fúthu. Is dócha go bhfuil cúpla earráid ann, is féidir libh é a cheartú má tá am agaibh!
    https://ga.wikipedia.org/wiki/Múimíní

Viewing 6 posts - 1 through 6 (of 6 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.