“No more… “

Viewing 8 posts - 16 through 23 (of 23 total)
  • Author
    Posts
  • #43263
    aonghus
    Participant

    Bhíos ag cuimhneamh ar amhrán dó leanaí san leabhar an Bealach Rúnda:

    Tá líne ann: “Deireadh go deo le Bruscar”

    #43267
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Níl aon rud cearr le “Deireadh le X”, is dócha.

    #43271
    aonghus
    Participant

    Caithfidh mé rá go n-aontaím le Carmanach tar éis an tsaoil.

    Bhí an leagan eile saorga agus mé ag iarraidh pearsa a sheachaint.

    #43272
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Ansin níl aon leagan dophearsanta…

    #43276
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Ní hé sin a d’iarr mise….

    Bhí mé ag lorg ruda agus ní raibh mé cinnte go bhfuil a léithéid ann. An gcuireann sé seo isteach ort?

    #43295
    Onuvanja
    Participant

    Ní gá an briathar a sheachaint i gcónaí le rudaí neamhphearsanta a chur in iúl. Cuir i gcás, d’fhéadfá a rá “Tá cosc ar phoilíní a mharú” nó “Bíodh cosc ar phoilíní a mharú” gan tagairt a dhéanamh do phearsa ar bith, nach bhféadfá? Braitheann sé ar a bhfuil uait.

    #43298
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Ceart agat. Ní raibh an briathair i gceist (agamsa, ar a laghad), ach forainmneacha (agus réamhfhocail fhorainmneacha).

    “Tá cosc ar phoilíní a mharú” – leagan deas gan dabht ach níl an bhrí chruinn chéanna aige a bhí mé ag lorg. Grma as ar aon chor 😉

    #43325
    Onuvanja
    Participant

    “Tá cosc ar phoilíní a mharú” – leagan deas gan dabht ach níl an bhrí chruinn chéanna aige a bhí mé ag lorg.

    Tá a fhios agam, a Héilics. 🙂 Ní raibh ann ach múnla eile a bhféadfá leas a bhaint as, más mian leat. Go n-éirí leat!

Viewing 8 posts - 16 through 23 (of 23 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.