Nolwenn Leroy – amhránaí Briotánach

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Nolwenn Leroy – amhránaí Briotánach

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • Author
    Posts
  • #36322
    Onuvanja
    Participant

    B’fhéidir gur chuala sibh trácht ar an gcailín sin cheana? Tá cáil mhór bainte amach aici ar fud na Fraince le blianta beaga anuas. Go deimhin, bhí a halbam deireannach dar teideal “Bretonne” ar an dara ceann is mó a díoladh sa bhFrainc anuraidh. Is díol spéise é sin, ós rud é go bhfuil neart amhráin Briotáinise ann, agus fiú, ceann as Gaeilge.
    http://www.youtube.com/watch?v=5KrAXgpet0s
    Ab é go bhfuil borradh nua eicínt taghta faoi cheol Ceilteach sa bhFrainc nó gur lena háilleacht don chuid is mó a mheall Nolwenn a lucht éisteachta (mar tá sí go hálainn, cinnte)? Tá sé léite agam freisin nach bhfuil Briotáinis aici i ndáiríre, rud as a bhfuil cáineadh tuillte aici i measc lucht na Briotáinise… Tá mé fiosrach mar sin an mbeadh tuilleadh eolais agaibhse faoi chás Nolwenn? Agus an féidir a shamhlú go n-éireodh leis an gcleas céanna in Éirinn, sé sin le rá, go n-éireodh le ceoltóir eicínt úsáid a bhaint as an nGaeilge le cur lena chlú?

    *A Lughaidh, a chara, tá súil agam nach gcuirfinn fearg ort le mo cheist. 🙂

    #42260
    Lughaidh
    Participant

    Is amhlaidh nach labhrann Nolwenn Leroy Briotàinis (nò b’fhèidir go bhfuil cupla focal foghlamtha aici anois). Le fìrinne, bhì cliù orthaì mar amhrànaì cheana fèin sular thoisigh sì a cheol i mBriotàinis, dar liom gur ghnàch lèithe bheith ag ceol i bhFraincis agus i mBèarla roimhe sin. Bhì cliù orthaì a bhuìochas ar chlàr teilifìse (chan cuimhneach liom cèn clàr, chan amharcaim air sin).
    Agus ò tharla gurb as a’ Bhriotàin daoithe agus go bhfuil an ceol “Ceilteach” ins an fhaisean, caithfidh gur smaoitigh sì go dtiocfadh lèithe airgead a shaothrù dà ndèanfadh sì albam le hamhràin as a’ Bhriotàin. Muna mbeadh ‘n ceol “Ceilteach” ins an fhaisean, tà mè chòir a bheith cinnte nach ndèanfadh sì a leithèid d’albam. Dàla an scèil tà cupla amhrànaì traidisiùnta nach gceolann ach i mBriotàinis le 20 nò 30 nò 50 bliain agus nach bhfuil gomh cliùiteach nà gomh saibhir le N. Leroy 🙂 Ach nì a’ cuartù airgid amhàin atà siad sin 🙂 (seo cupla ainm: Annie Ebrel, Yann-Fañch Kemener, Nolùen Le Buhé, les frères Morvan, Marcel Guilloux…)
    Dàla an scèil, cheol Nolwenn amhràin a rabh cliù orthu cheana fèin, nò cheol cuid mhaith amhrànaithe eile iad roimhe sin.
    Na daoinì a cheannas albam ùr Nolwenn, nì ar ghrà ‘n cheoil Bhriotànaigh a cheannas siad è, ach siocair gur maith leofa Nolwenn. Na daoinì ar maith leofa ‘n ceol Briotànach, nì dòigh liom go gceannòchaidh siad a halbam. Is cineàl do cheol Bhriotànach fà choinne “tourists” atà ann 🙂

    Mà tà sibh ag iarraidh fìorcheol Briotànach a chluinstean, seo daoibh:
    http://www.youtube.com/watch?v=mLoIfqmgRes
    http://www.youtube.com/watch?v=bMbQHUpl32I (cumhaidh, pìb uilleann leis fosta)
    http://www.youtube.com/watch?v=Jc-RIFG2UDs (sin cuid do na glèasannaì ceoil s’againne)
    srl

    #42269
    Onuvanja
    Participant

    Go raibh maith agat, a Lughaidh! Bhain mé taithneamh agus tairbhe as do mhíniúchán. Déanta na fírinne, bhí mé ag ceapadh go mbeifeá ní ba cruacha ar Nolwenn agus a leithéid a chasann amhráin Briotáinise gan an teanga a bheith acu… ach is dóigh nach féidir cosc a chur ar dhuine ceol áirithe a chasadh mar gheall ar nach bhfuil an teanga sin aige. 😉

    #42271
    Lughaidh
    Participant

    Sílim go mbíonn sé deas nuair a bíos daoiní cáiliúla a’ ceol ins na teangthacha mionlaigh. Fiú amháin muna bhfuaimneann siad go maith, ach ghníonn sé “fuagraíocht” don teangaidh agus is féidir go n-éisteochaidh daoiní áiríd leofa ar tús, agus go dtuitfidh siad i ngrá leis a’ teangaidh agus go bhfoghlaimeochaidh siad í srl. Tá cuid mhaith daoiní ins a’ Bhriotáin, atá ag iarraidh ‘n teangaidh a dh’fhoghlaim siocair go rabh dúil acu in amhráin ceolta ag amhránaí ineacht nach labhrann a’ teangaidh. Agus ina dhiaidh sin, nuair a labhrann na daoiní sin a’ teangaidh, tchí siad nach bhfuaimneann an t-amhránaí go maith, ach is cuma. Is é an rud is tábhachtaí go labhrann cuid mhór daoiní an teangaidh dhúchasach, is cuma cad chuighe ar chuir siad suim inti ar tús 🙂

    #42272
    Onuvanja
    Participant

    Sin é go díreach! 🙂 Scaití, ní bheadh a fhios agat céard a mhúsclódh spéis duine sa teanga… Is cosúil gur mar gheall ar na “fuaimeanna aisteacha” a chuir mé féin spéis sa nGaeilge ar dtús. Bhuel, thug mé faoi deara faoi dheireadh go raibh fadhb ar an téip a raibh mé ag éisteacht leis – ar gcúl a bhí sé ag seinnt. 🙂

    #42434
    Criostóir
    Participant

    Agus anois ? An féidir leat Gaeilge a labhairt ar gcúl ?

    #42435
    Onuvanja
    Participant

    Ní féidir, tá sé sách deacair mar atá. 🙂

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.