Nuachtáin Ghaeilge

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36542
    Onuvanja
    Participant

    Cén fáth nach mbíonn rath ar nuachtáin Ghaeilge? Dúnadh ceann eile dhíobh, Gaelscéal le gairid agus tá an chuma ar an scéal nár chuir sé isteach ná amach ar phobal na Gaeilge. Ní raibh agóidí ar siúl ná feachtas curtha ar bun lena shábháil. Déarfá gur cuma le muintir na Gaeltachta agus leis na mílte Gaeilgeoirí eile ar fud na hEireann nuachtáin Ghaeilge. Céard is cúis leis sin? Nach mbítear sásta leis an gcaighdeán iriseoireachta, an mbíonn na scéalta nuachta a dhéantar cur síos orthu leadránach nó an mbíonn drogall ar dhaoine siúl go dtí an siopa le páipéar cló-bhuailte a cheannacht? Is dócha go bhfuil breall orm, ach ní thuigim an scéal.

    #43975
    Onuvanja
    Participant

    Mionlach beag iad lucht na Gaelainne in Éirinn. Fágann san ná beidh aon mhórdhíol ar aon nuachtán Gaelainne. Bíonn nuachtáin Ghaelainne i dtaobh le hairgead ó Fhoras na Gaeilge, do réir mo thuisceana ar an scéal. Ní léann a lán daoine Gaelainn agus is beag Gaelainn in aon chor a léann muintir na Gaeltachta. Is beag nuacht a bhíonn i nuachtáin Ghaelainne sochas imeachtaí Gaelainne, rud nách spéis le scata. Bíonn cuid dos na scéalta leadránach agus droch-Ghaelainn age cuid mhór acu so a bhíonn ag scríobh ar na nuachtáin. Ní bhíodh Foinse (mar a bhíodh seara bhfuair an Indo é) ró-olc ó thaobh na Gaelainne dho ach bhíodh Lá go hainnis ar fad ar fad. Bhí Gaelscéal ideir eatartha ó thaobh na Gaelainne dho. Galar é sin ná fuil dul uaidh sa lá athá inniu ann, is baolach, i bhfiainise a laigeacht athá an teanga sa tír agus uiscealú mór déanta ar mhúineadh agus staidéar na teangan.

    Go raibh maith agat as do fhreagra, a Charmanaigh. An bhfuil tú a rá nach mbeadh nuactáin Ghaeilge fearacht Foinse agus Gaelscéal ar díol ar fud na tire? Is deacair liom é a chreisdiúint nach mbeadh teacht orthu sa chuile bhaile mór agus an t-éileamh a bheith ann ó Ghaeilgeoirí áitiúla. Go deimhin, nuair a bhí mé i mo mhac léinn ag Ollscoil Uladh i gCúil Raithin, bhíodh Foinse ar fáil i gcónaí ag an siopa leabhair, cé gur ceantar láidir Pratastúnach é Cúil Raithin…

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.